D’fhógair an Coimisiún an Togra le haghaidh Rialachán maidir leis an intleacht shaorga i mí Aibreáin 2021. Is é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí sonracha IS, agus iad a aicmiú ina 4 leibhéal éagsúla: riosca do-ghlactha, ardriosca, riosca teoranta, agus riosca íosta.
Ar an gcaoi sin, cinnteoidh an Rialachán maidir leis an intleacht shaorga gur féidir le muintir na hEorpa muinín a bheith acu as an intleacht shaorga atá á húsáid acu. Tá an Rialachán ríthábhachtach freisin chun éicéiceas barr feabhais a fhorbairt san intleacht shaorga agus chun cumas an Aontais dul san iomaíocht ar fud an domhain a neartú. Tá sé fite fuaite leis an bPlean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga.
Féach ar an togra le haghaidh Rialacháin i dteangacha uile an Aontais ar EUR-Lex
Related content
Policy and legislation | 21 Aibreán 2021
Is é Plean Comhordaithe 2021 maidir leis an Intleacht Shaorga an chéad chéim eile chun ceannaireacht dhomhanda an Aontais a chruthú san intleacht shaorga iontaofa.