Tá an leathanach seo ar fáil sna teangacha seo a leanas:
Ní mór JavaScript a ghníomhachtú chun an tseirbhís seo a úsáid.
Is féidir an fhoirm seo a úsáid chun gearán a dhéanamh má shíleann tú go bhfuil dlí an Aontais sáraithe ag Ballstát.
Tabhair do d'aire, áfach, nach dócha gur réiteach díreach ar do chás féin a bheidh sa mhéid a dhéanfaidh an Coimisiún mar gheall ar do ghearán:
Chun réiteach a fháil láithreach ar do chás féin, nó chun cúiteamh a fháil, ní mór duit sásamh a lorg sa Bhallstát a mbaineann an gearán leis.
Nuair a chuirtear gearán faoi bhráid an Choimisiúin, ní chuirtear ar fionraí an teorainn ama le tús a chur le caingean dlí faoin dlí náisiúnta.
Má tá comhairle níos sainiúla de dhíth ort, is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís fiosrúcháin. Is féidir leat eolas a fháil sa ráiteas príobháideachais faoin gcaoi a gcosnaíonn an Coimisiún do shonraí pearsanta. Ná bíodh aon sonraí pearsanta de chuid tríú páirtithe nó sonraí pearsanta íogaire i do ghearán, mura bhfuil géarghá leo chun do ghearán a láimhseáil.
Tabhair do d'aire: Réimsí a bhfuil réiltín ((éigeantach)) ag gabháil leo, is gá iad a líonadh isteach.
Féadfaidh an Coimisiún ríomhphoist a fháil ó ‘sheirbhís ríomhphoist dheimhnithe’ (e.g. ...@pec.it), ach ar chúiseanna teicniúla ní féidir linn freagraí a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist deimhnithe. Dá bhrí sin, ba cheart duit seoladh ríomhphoist caighdeánach agus/nó seoladh poist caighdeánach a thabhairt san fhoirm ghearáin, ionas gur féidir linn freagra a thabhairt ort.
Gnólachtaí nó eagraíochtaí:
Teideal: An Bhean Uasal An Fear Uasal
Ainm: (éigeantach)
Sloinne: (éigeantach)
Seoladh ríomhphoist: (éigeantach)
Dearbhú ar an seoladh ríomhphoist: (éigeantach)
Sráid agus uimhir: (éigeantach)
Postchód: (éigeantach)
Baile: (éigeantach)
Tír: (éigeantach) Roghnaigh An Ostair An Bheilg An Bhulgáir An Chróit An Chipir Poblacht na Seice An Danmhairg An Eastóin An Fhionlainn An Fhrainc An Ghearmáin An Ghréig An Ungáir Éire An Iodáil An Laitvia An Liotuáin Lucsamburg Málta An Ísiltír An Pholainn An Phortaingéil An Rómáin An tSlóvaic An tSlóivéin An Spáinn An tSualainn An Ríocht Aontaithe
Teileafón:
Teanga: (éigeantach) български čeština dansk Deutsch eesti keel ελληνικά English español français Gaeilge hrvatski italiano latviešu valoda lietuvių kalba magyar Malti Nederlands polski portugês română slovenčina slovenščina suomi svenska
Cé a bheidh ina theagmhálaí oifigiúil ag an gCoimisiún don chomhfhreagras uile maidir le do ghearán? (éigeantach)
Ainm an údaráis: (éigeantach)
Teagmhálaí:
Seoladh ríomhphoist:
Sráid agus uimhir:
Postchód:
Baile:
Tír: (éigeantach) Roghnaigh An Ostair An Bheilg An Bhulgáir An Chróit An Chipir Poblacht na Seice An Danmhairg An Eastóin An Fhionlainn An Fhrainc An Ghearmáin An Ghréig An Ungáir Éire An Iodáil An Laitvia An Liotuáin Lucsamburg Málta An Ísiltír An Pholainn An Phortaingéil An Rómáin An tSlóvaic An tSlóivéin An Spáinn An tSualainn
Liostaigh na bearta náisiúnta sonracha (dlí náisiúnta nó bearta eile rialála nó riaracháin) a cheapann tú a sháraíonn dlí an Aontais agus sonraigh an chaoi a sáraíonn siad dlí an Aontais.
Bearta náisiúnta a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad dlí an Aontais: (éigeantach)
Dlíthe den Aontas (m.sh. conarthaí, rialacháin, treoracha, cinntí) nó bunphrionsabail de chuid dhlí an Aontais.
Mura bhfuil tú cinnte cén dlí den Aontas a sáraíodh, is féidir dul i dteagmháil le An Eoraip Agatsa – Comhairle
Más eol duit cén dlí den Aontas a sáraíodh, cuir sin in iúl dúinn:
Déan cur síos ar an bhfadhb (tabhair tuairisc ar an bhfadhb gan dul thar 7000 carachtar): (éigeantach)
Ní féidir leis an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ach ar na sáruithe sin ar chearta bunúsacha a thagann chun cinn nuair atá na Ballstáit ag cur dhlí an Aontais chun feidhme.
Más ar bhonn an dlí náisiúnta amháin atá an Ballstát ag gníomhú, ní féidir leis an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh.
Mínigh conas a bhaineann an gearán le dlí an Aontais agus cén ceart bunúsach a sáraíodh (éigeantach)
Liostaigh aon doiciméad tacaíochta nó aon fhianaise a d'fhéadfá a chur chuig an gCoimisiún dá n-iarrfaí sin ort.
Tabhair do d'aire nach féidir leat aon doiciméad a chur i gceangal ag an gcéim seo, ach d'fhéadfadh sé go mbeimis i dteagmháil leat lena iarraidh ort na doiciméid a chur chugainn más gá.
Liosta doiciméad:
Beart a dhéanamh nó caingean a thabhairt sa Bhallstát lena mbaineann, sin an t-aon bhealach chun réiteach díreach ar do chás féin a fháil, nó chun cúiteamh a fháil. Ní bheidh tionchar ag nós imeachta foirmiúil um shárú a chuirfidh an Coimisiún ar bun air.
Mínigh (3000 carachtar ar a mhéad) na cineálacha cinntí a rinneadh dá thoradh sin. Más infheidhme, tabhair liosta den chomhfhreagras/teagmhálacha le húdaráis phoiblí.
Sonraigh cé acu a socraíodh do chaingean i gcúirt nó an bhfuil sé ar feitheamh os comhair cúirte. Má tá an chaingean ar feitheamh, cathain is féidir bheith ag súil le cinneadh?
Is cóir cuimhneamh ar bheart a dhéanamh nó caingean a thabhairt sa Bhallstát féin. Beidh tú in ann do chearta a éileamh go díreach agus go pearsanta ach na bealaí náisiúnta sásaimh a úsáid.
Tabhair le fios an chúis nach bhfuil tú incháilithe don réiteach ar leith sin
Tabhair le fios na cúiseanna eile nach ndearna tú beart/nár thóg tú caingean tú chun an fhadhb a réiteach sa Bhallstát féin
Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BBBB) an chomhfhreagrais le Parlaimint na hEorpa:
Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BBBB/AB) an chomhfhreagrais leis an Ombudsman Eorpach:
Iontráil uimhir thagartha an chomhfhreagrais leis an gCoimisiún Eorpach:
Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BB/CC) an chomhfhreagrais le SOLVIT:
Ainm na hinstitiúide nó an chomhlachta a ndeachthas i dteagmháil leo agus an uimhir thagartha a tugadh don ghearán/don chomhad/don chomhfhreagras uait
Sonraigh:
Caith súil siar ar na sonraí atá iontráilte agat san fhoirm seo sula gcuirfidh tú ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach í.
Más mian leat aon athrú a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe Siar le dul siar chuig na leathanaigh roimhe.
Iarraimid ort cead a thabhairt dúinn do chéannacht a nochtadh do na húdaráis a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu.
Is údarú roghnach é seo ach i gcásanna áirithe d'fhéadfadh sé go mbeadh sé ní b'fhusa déileáil le do chás dá bhféadfaí do chéannacht a nochtadh.
Cliceáil ar an gcnaipe Seol isteach chun do ghearán a sheoladh isteach chuig an gCoimisiún Eorpach.
Tar éis dó do ghearán a fháil, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: