This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02011R1169-20180101
Regulation (EU) No 1169/2011 of the European Parliament and of the Council of 25 October 2011 on the provision of food information to consumers, amending Regulations (EC) No 1924/2006 and (EC) No 1925/2006 of the European Parliament and of the Council, and repealing Commission Directive 87/250/EEC, Council Directive 90/496/EEC, Commission Directive 1999/10/EC, Directive 2000/13/EC of the European Parliament and of the Council, Commission Directives 2002/67/EC and 2008/5/EC and Commission Regulation (EC) No 608/2004 (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02011R1169 — GA — 01.01.2018 — 003.009
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1169/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 304 22.11.2011, lch. 18) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 1155/2013 of 21 August 2013 (*) |
L 306 |
7 |
16.11.2013 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 78/2014 of 22 November 2013 (*) |
L 27 |
7 |
30.1.2014 |
|
RIALACHÁN (AE) 2015/2283 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Samhain 2015 |
L 327 |
1 |
11.12.2015 |
Arna cheartú le:
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1169/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2011
maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo i ndáil le seirbhísí lónadóireachta a chuireann gnóthais iompair ar fáil nuair a dhéantar an t-imeacht ar chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
na sainmhínithe ar “bia”, “dlí um bia”, “gnó bia”, “oibreoir gnó bia”, “miondíol”, “cur ar an margadh” agus “tomhaltóir deiridh” atá in Airteagal 2 agus i bpointí (1), (2), (3), (7), (8) agus (18) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
na sainmhínithe ar “próiseáil”, “táirgí neamhphróiseáilte” agus “táirgí próiseáilte” i bpointe (m), i bpointe (n) agus i bpointe (o) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia ( 1 );
an sainmhíniú ar “einsím bia” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia ( 2 );
na sainmhínithe ar “breiseán bia”, “áis phróiseála” agus “iompróir” i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia ( 3 );
an sainmhíniú ar “blastáin” i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna ( 4 );
na sainmhínithe ar “feoil”, “feoil inneall-scartha”, “ullmhóidí feola”, “táirgí iascaigh” agus “táirgí feola” i bpointí 1.1, 1.14, 1.15, 3.1 agus 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch ( 5 );
an sainmhíniú “fógraíocht” i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht atá míthreorach agus comparáideach ( 6 ).
an sainmhíniú ar “nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu” faoi mar a bhunaítear i bpointe (f) d'Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).
Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “faisnéis bhia” an fhaisnéis a bhaineann le bia agus a sholáthraítear don tomhaltóir deiridh trí bhíthin lipéid, trí bhíthin aon ábhair eile a ghabhann leis an mbia, nó trí aon mhodh eile lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha nó cumarsáid ó bhéal;
ciallaíonn “dlí um fhaisnéis bhia” forálacha an Aontais lena rialaítear an fhaisnéis bhia, agus go háirithe lipéadú, lena n-áirítear rialacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach bia in imthosca faoi leith nó maidir le catagóirí áirithe bianna agus catagóirí áirithe rialacha nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le bianna sonracha;
ciallaíonn “faisnéis shainordaitheach bhia” na sonraí a gceanglaítear, le forálacha Aontais, go soláthrófar iad don tomhaltóir deiridh;
ciallaíonn “oll-lónadóir” aon bhunaíocht (lena n-áirítear feithicil nó stainnín seasta nó stainnín soghluaiste), amhail bialanna, ceaintíní, scoileanna, ospidéil agus gnóthais lónadóireachta, ina n-ullmhaítear bia, i gcúrsa gnó, lena chaitheamh ag an tomhaltóir deiridh;
ciallaíonn “bia réamhphacáilte” aon ní amháin atá le cur i láthair amhlaidh don tomhaltóir deiridh agus d’oll-lónadóirí, arb éard atá ann an bia agus an phacáistíocht inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a dhéantar leis an bpacáistíocht an bia a chlúdach go hiomlán nó go páirteach, ach ar aon chuma, ar pacáistíodh é ar bhealach nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an phacáistíocht a oscailt nó a athrú; ní chumhdaítear le “bia réamhphacáilte” bianna a dhéantar a phacáil sa díolphointe arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó a dhéantar a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dírigh;
ciallaíonn “comhábhar” aon substaint nó táirge, lena n-áirítear blastáin, breiseáin bhia agus einsímí bia, agus aon chomhchuid de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú agus atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú i bhfoirm athraithe; ní mheasfar gur “comhábhair” iad iarmhair;
ciallaíonn “an bhunáitíocht” aon áit a léirítear ina leith gurb aisti an bia agus nach í “an tír thionscnaimh” í mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92; ní hionann ainm, ainm gnó nó seoladh an oibreora gnó bia a bheith ar an lipéad agus léiriú ar thír thionscnaimh nó ar bhunáitíocht an bhia de réir bhrí an Rialacháin seo;
ciallaíonn “comhábhar cumaisc” comhábhar ar táirge é féin de níos mó ná comhábhar amháin;
ciallaíonn “lipéad” aon chlib, aon bhranda, aon mharc, aon ábhar pictiúrtha nó aon ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;
ciallaíonn “lipéadú” aon fhocail, aon sonraí, aon trádmharcanna, aon ainm branda, aon ábhar pictiúrtha nó aon siombail a bhaineann le bia agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, ar aon doiciméad, ar aon fhógra, ar aon lipéad, ar aon fháinne nó ar aon choiléar a ghabhann le bia den sórt sin nó trína ndéantar tagairt dó;
ciallaíonn “réimse radhairc” gach dromchla den phacáiste is féidir a léamh ó phointe radhairc amháin;
ciallaíonn “príomhréimse radhairc” réimse radhairc an phacáiste ar dóchúla gurb é is túisce a fheicfidh an tomhaltóir ar an gcéad amharc ag tráth a cheannaithe, agus trínar féidir leis an tomhaltóir táirge a aithint láithreach a mhéid a bhaineann lena chineál nó a nádúr agus, más infheidhme, lena ainm branda. Má tá príomhréimsí radhairc éagsúla agus comhchosúla ar phacáiste, is é an príomhréimse radhairc an ceann a roghnaíonn an t-oibreoir gnó bia;
ciallaíonn “inléiteacht” cuma fhisiceach na faisnéise, sa chaoi gur féidir leis an bpobal i gcoitinne an fhaisnéis a fheiceáil agus déantar an chuma sin a chinneadh trí eilimintí éagsúla, inter alia, clómhéid, spás idir litreacha, spás idir línte, leithead na stríce, dath an chló, cló-aghaidh, cóimheas leithead le hairde na litreacha, dromchla an ábhair agus codarsnacht shuntasach idir an cló agus an cúlra;
ciallaíonn “ainm dlíthiúil” ainm bia a fhorordaítear i bhforálacha an Aontais is infheidhme maidir leis, nó, cheal forálacha an Aontais den sórt sin, an t-ainm dá bhforáiltear sna dlíthe, sna rialacháin agus sna forálacha riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia leis an tomhaltóir deiridh nó le holl-lónadóirí;
ciallaíonn “gnáthainm” ainm a nglacann tomhaltóirí sa Bhallstát ina ndíoltar an bia sin leis mar ainm an bhia agus ar ainm é nach gá míniú breise ina leith;
ciallaíonn “ainm tuairisciúil” ainm lena soláthraítear tuairisc ar an mbia, agus ar úsáid an bhia sin más gá, ar ainm é atá sách soiléir chun a chur ar chumas tomhaltóirí a fhíorchineál a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí eile a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb é an bia céanna é;
ciallaíonn “comhábhar príomha” comhábhar bia nó comhábhair bhia ar mó a mhéid nó a méid ná 50 % den bhia sin nó a chuireann an tomhaltóir i mbaint le hainm an bhia de ghnáth ar ina leith a theastaíonn léiriú cainníochtúil a sholáthar i bhformhór na gcásanna;
ciallaíonn “dáta íosmharthanachta bia” an dáta deireanach a choimeádann an bia a airíonna sonracha nuair a stóráiltear i gceart é;
ciallaíonn “cothaitheach” próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, sóidiam, vitimíní agus mianraí atá liostaithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus substaintí atá i gcatagóir amháin de na cothaithigh sin nó atá ina gcomhpháirt de chatagóir amháin de na cothaithigh sin;
▼M3 —————
ciallaíonn “meán cianchumarsáide” aon mheán cianchumarsáide a fhéadfar a úsáid, gan an soláthróir agus an tomhaltóir beirt a bheith i láthair go fisiciúil an tráth céanna, chun conradh a thabhairt i gcrích idir na páirtithe sin.
CAIBIDIL II
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA
Airteagal 3
Cuspóirí ginearálta
Airteagal 4
Prionsabail lena rialaítear faisnéis shainordaitheach bhia
I gcás ina mbeidh faisnéis shainordaitheach bhia ina ceanglas faoin dlí um fhaisnéis bhia, bainfidh an fhaisnéis sin le faisnéis a thiocfaidh, go háirithe, faoi cheann de na catagóirí seo a leanas:
faisnéis i dtaca le haitheantas agus le chomhdhéanamh an bhia, agus maidir le hairíonna nó le saintréithe eile an bhia;
faisnéis i dtaca le cosaint sláinte tomhaltóirí agus maidir le húsáid shábháilte bhia. Bainfidh an fhaisnéis go háirithe:
le haitreabúidí comhdhéanaimh a d’fhéadfadh a bheith dochrach do shláinte grúpaí áirithe tomhaltóirí;
le marthanacht, le stóráil agus le húsáid shábháilte;
le tionchar ar an tsláinte, lena n-áirítear na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le tomhailt dhochrach bia agus tomhailt ghuaiseach bia;
faisnéis maidir le saintréithe cothaitheacha chun go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil riachtanais speisialta chothaithe acu, roghanna eolasacha a dhéanamh.
Airteagal 5
Dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia
Déanfar aon bheart Aontais i réimse an dlí um fhaisnéis bhia, ar dóigh dó difear a dhéanmh do shláinte an phobail, a ghlacadh tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).
CAIBIDIL III
CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS BHIA AGUS FREAGRACHTAÍ OIBREOIRÍ GNÓ BIA
Airteagal 6
Buncheanglas
Beidh faisnéis bhia ag gabháil le haon bia a bheartaítear lena sholáthar don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Cóirchleachtais maidir le faisnéis
Ní bheidh faisnéis bhia míthreorach, go háirithe:
maidir le saintréithe an bhia agus, go háirithe, lena chineál, lena shainiúlacht, lena airíonna, lena chomhdhéanamh, lena chainníocht, lena mharthanacht, lena thír thionscnaimh nó lena bhunáitíocht, lena mhodh monaraithe nó táirgthe;
trí iarmhairtí nó tréithe a chur i leith bia, ar iarmhairtí nó tréithe iad nach bhfuil aige;
trína thabhairt le tuiscint go bhfuil saintréithe speisialta ag baint leis an mbia nuair atá tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, go háirithe trí bhéim ar leith a chur ar chomhábhair agus/nó cothaithigh áirithe a bheith ann nó a bheith in easnamh;
trína thabhairt le tuiscint, trí chuma an bhia, sa chur síos nó sa léiriúchán pictiúrtha go bhfuil bia ar leith nó comhábhar ar leith sa bhia, cé gur cuireadh i ndáiríre comhchuid éagsúil nó comhábhar éagsúil in ionad comhchoda atá sa bhia go nádúrtha nó in ionad comhábhair a úsáidtear de ghnáth sa bhia sin.
Beidh feidhm ag mír 1, ag mír 2, agus ag mír 3 maidir leis an méid seo a leanas freisin:
fógraíocht;
cur i láthair bianna, go háirithe an cruth, an dealramh agus an phacáistíocht atá orthu, na hábhair pacáistíochta a úsáidtear, an bealach ina leagtar amach na bianna agus an suíomh ina gcuirtear ar taispeáint iad.
Airteagal 8
Freagrachtaí
Sna cásanna seo a leanas, áiritheoidh oibreoirí gnó bia, sna gnóthaí faoina rialú, go dtaispeánfar na sonraí sainordaitheacha a cheanglaítear faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10 ar an réamhphacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte léi, nó sna doiciméid tráchtála ina ndéantar tagairt do na bianna i gcás ina bhféadtar a ráthú go ngabhann doiciméid den sórt sin leis an mbia a ndéanann siad tagairt dó nó gur seoladh iad sular seachadadh an bia nó tráth a sheachadta:
i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha don tomhaltóir deiridh ach go ndéantar é a mhargú ag céim níos luaithe ná tráth a dhíolta leis an tomhaltóir deiridh agus i gcás nach bhfuil díol le holl-lónadóir i gceist ag an gcéim sin;
i gcás ina bhfuil bia réamhphacáilte ceaptha lena sholáthar d’oll-lónadóirí chun é a ullmhú, a phróiseáil, a scoilteadh nó a ghearradh suas.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, áiritheoidh oibreoirí gnó bia freisin go dtaispeánfar na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (f), (g) agus (h) d’Airteagal 9(1) ar an bpacáistíocht sheachtrach ina gcuirfear na bianna réamhphacáilte i láthair chun iad a mhargú.
CAIBIDIL IV
FAISNÉIS SHAINORDAITHEACH BHIA
ROINN 1
Inneachar agus cur i láthair
Airteagal 9
Liosta de shonraí sainordaitheacha
I gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 35 agus faoi réir na n-eisceachtaí atá sa Chaibidil seo, beidh léiriú na sonraí seo a leanas sainordaitheach:
ainm an bhia;
an liosta comhábhar;
aon chomhábhar nó áis phróiseála a liostaítear in Iarscríbhinn II nó a dhíorthaítear ó shubstaint nó ó tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar cúis iad le hailléirgí nó le héadulaingt agus a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó a ullmhú agus atá fós sa táirge deiridh, fiú i bhfoirm athraithe;
cainníocht comhábhar áirithe nó cainníocht catagóirí áirithe comhábhar;
glanchainníocht an bhia;
an dáta íosmharthanachta nó an dáta “le húsáid roimh”;
aon choinníollacha speisialta stórála agus/nó aon choinníollacha speisialta úsáide;
ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora ghnó bhia dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
an tír thionscnaimh nó bunáitíocht i gcás ina bhforáiltear dóibh in Airteagal 26;
treoracha um úsáid i gcás inar dheacair an bia a úsáid ar bhealach iomchuí d’uireasa na dtreoracha sin;
i dtaca le deochanna ar mó a gcion alcóil ná 1,2 % alcóil de réir toirte, an neart alcólach iarbhír de réir toirte;
dearbhú cothúcháin.
Chun a áirithiú go mbainfidh tomhaltóirí tairbhe as modhanna eile chun faisnéis shainordaitheach bhia a léiriú seachas i bhfocail agus in uimhreacha, agus ar an gcoinníoll go n-áirithítear an leibhéal céanna faisnéise agus a bheadh ann le focail agus le huimhreacha, féadfaidh an Coimisiún, agus fianaise ar thuiscint chomhionann tomhaltóra á cur san áireamh aige, na critéir faoina bhféadfar ceann amháin nó níos mó de na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú trí phicteagraim nó siombailí in ionad focal nó uimhreacha a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51.
Airteagal 10
Sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna
Más rud é, i gcás éigeandála ina mbeadh sláinte tomhaltóirí i mbaol, agus gur gá é sin a dhéanamh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 11
Meáchain agus tomhais
Beidh Airteagal 9 gan dochar d’fhorálacha níos sonraí de chuid an Aontais maidir le meáchain agus le tomhais.
Airteagal 12
Infhaighteacht agus suíomh na faisnéise sainordaithí bia
Airteagal 13
Cur i láthair na sonraí sainordaitheacha
Chun na críche céanna dá dtagraitear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 51, na ceanglais faoi mhír 5 den Airteagal seo a leathnú go dtí sonraí sainordaitheacha breise maidir le saghsanna sonracha bianna nó le cineálacha sonracha bianna.
Airteagal 14
Ciandíol
Gan dochar do na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos in Airteagal 9, i gcás bianna réamhphacáilte a dhíoltar trí mheán cianchumarsáide:
beidh faisnéis shainordaitheach bhia ar fáil, seachas na sonraí dá bhforáiltear i bpointe (f) d’Airteagal 9(1), sula gcuirtear an ceannach i gcrích agus taispeánfar í ar an ábhar a ghabhann leis an gciandíol nó soláthrófar í trí mhodhanna iomchuí eile arna sainaithint ag an oibreoir gnó bia go soiléir. Nuair a úsáidfear modhanna iomchuí eile, soláthrófar an fhaisnéis shainordaitheach bhia gan costais bhreise a bheith á ngearradh ar thomhaltóirí ag an oibreoir gnó bia;
beidh na sonraí sainordaitheacha uile ar fáil tráth an tseachadta.
Airteagal 15
Ceanglais teanga
Airteagal 16
Sonraí áirithe sainordaitheacha a fhágáil ar lár
Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i gcrích maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 agus Airteagal 30(1) i dtaca leis na táirgí dá dtagraítear sa mhír seo, agus lena bhféachfar ar cheart deochanna alcólacha a chumhdach amach anseo, go háirithe, faoin gceanglas maidir le faisnéis i ndáil leis an luach fuinnimh a sholáthar agus faoi na cúiseanna lena dtabharfaí údar maith le díolúintí féideartha, agus an gá atá ann go n-áiritheofaí comhchuibheas le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh. Sa chomhthéacs seo, breithneoidh an Coimisiún an gá sainmhíniú a mholadh do “mianraí meisiciúla”.
Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin, ar togra é lena gcinnfear na rialacha i dtaca le liosta na gcomhábhar nó dearbhú sainordaitheach cothúcháin i gcás na dtáirgí sin.
ROINN 2
Forálacha mionsonraithe maidir le sonraí sainordaitheacha
Airteagal 17
Ainm an bhia
Airteagal 18
An liosta comhábhar
▼M3 —————
Airteagal 19
An liosta comhábhar a fhágáil ar lár
Maidir leis na bianna seo a leanas, ní cheanglaítear liosta comhábhar a chur leo:
torthaí úra agus glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh, nár gearradh nó nach ndearnadh a chóireáil ar dhóigh chomhchosúil;
uisce carbónáitithe, nuair a léirítear lena thuairisc go ndearnadh é a charbónáitiú;
fínéagair choipthe a dhíorthaítear go heisiach ó tháirge bunúsach amháin, ar choinníoll nár cuireadh aon chomhábhar eile leo;
cáis, im, bainne coipthe agus uachtar coipthe, nár cuireadh aon chomhábhar eile leo seachas táirgí lachtacha, einsímí bia agus cultúir mhiocrorgánacha atá sár-riachtanach don mhonarú, nó i gcás na cáise nach cáis úr ná cáis phróiseáilte í, an salann is gá chun í a mhonarú;
bianna nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin:
go bhfuil an t-ainm céanna ar an mbia agus atá ar an gcomhábhar; nó
i gcás ina bhféadtar cineál an chomhábhair a shainaithint go soiléir de bharr ainm an bhia.
Airteagal 20
Comhchodanna bia a fhágáil ar lár ón liosta comhábhar
Gan dochar d’Airteagal 21, ní cheanglófar na comhchodanna bia seo a leanas a áireamh sa liosta comhábhar:
comhchodanna comhábhair, ar comhchodanna iad a rinneadh a scaradh go sealadach le linn an phróisis mhonaraithe agus a athcuireadh leis ach gan dul thar a gcoibhneas bunaidh;
breiseáin bhia agus einsímí bia:
nach bhfuil i mbia áirithe ach amháin ar an gcúis go raibh siad i gcomhábhar amháin nó níos mó den bhia sin, i gcomhréir le prionsabal an tabhartha anonn dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ar choinníoll nach bhfuil feidhm theicneolaíoch acu sa táirge críochnaithe; nó
a úsáidtear mar áiseanna próiseála;
iompróirí agus substaintí nach breiseáin bhia iad, ach a úsáidtear ar an mbealach céanna agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu agus atá ag na hiompróirí, agus nach n-úsáidtear ach sna méideanna atá dianriachtanach;
substaintí nach breiseáin bhia iad ach a úsáidtear ar an mbealach céanna, a bhfuil an cuspóir céanna acu le háiseanna próiseála, agus atá fós sa táirge deiridh, fiú amháin má athraíodh a bhfoirm;
uisce:
i gcás nach n-úsáidfear an t-uisce le linn an phróisis mhonaraithe ach chun comhábhar a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéanamh; nó
i gcás meáin leachtaigh nach ndéantar é a chaitheamh de ghnáth.
Airteagal 21
Substaintí áirithe nó táirgí áirithe is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a lipéadú
Gan dochar do na rialacha a ghlacfar faoi Airteagal 44(2), comhlíonfaidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) na ceanglais seo a leanas:
léireofar iad sa liosta comhábhar i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18(1), le tagairt shoiléir d’ainm na substainte nó d’ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II; agus
cuirfear béim ar ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II trí chlóchur a fhéadfar a idirdhealú go soiléir ón gcuid eile den liosta comhábhar, mar shampla tríd an gcló, an stíl nó dath an chúlra.
In éagmais liosta comhábhar, beidh an focal “ann” ina gcuid den léiriú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) agus beidh ainm na substainte nó ainm an táirge mar atá liostaithe in Iarscríbhinn II ina ndiaidh.
I gcás ina dtagann roinnt comhábhar bia éagsúil nó roinnt áiseanna próiseála bia éagsúla ó shubstaint aonair nó ó tháirge aonair, ar substaint í nó ar táirge é, atá liostaithe in Iarscríbhinn II, beidh sé sin soiléir ón lipéadú i leith gach comhábhar nó gach áis próiseála lena mbaineann.
Ní bheidh gá ann leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) a léiriú i gcásanna ina dtagraítear le hainm an bhia go soiléir don tsubstaint nó don táirge lena mbaineann.
Más rud é, i gcás éigeandála ina mbeadh sláinte tomhaltóirí i mbaol, agus gur gá é sin a dhéanamh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
Airteagal 22
Léiriú cainníochtúil comhábhar
Beidh gá le léiriú i leith cainníochta comhábhair nó i leith cainníochta catagóire comhábhar a úsáidtear chun bia a mhonarú nó a ullmhú:
i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar ann mar chuid d’ainm an bhia nó i gcás ina ndéanann an tomhaltóir iad agus an t-ainm sin a chomhcheangal le chéile de ghnáth; nó
i gcás ina gcuirtear béim ar an gcomhábhar sin nó ar an gcatagóir sin comhábhar lena mbaineann ar an lipéadú le focail, le pictiúir nó le grafaicí; nó
i gcás ina bhfuil an comhábhar sin nó an chatagóir sin comhábhar sár-riachtanach chun tuairisc a thabhairt i leith bia agus chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia sin agus táirgí a bhféadfaí a cheapadh ina leith gurb ionann iad agus an bia mar gheall ar a ainm nó ar a chruth.
Airteagal 23
Glanchainníocht
Déanfar glanchainníocht bhia a shloinneadh, trí lítir, trí cheintilítir, trí mhillilítir, trí chileagraim nó trí ghraim a úsáid, de réir mar is iomchuí:
in aonaid toirte i gcás táirgí leachta;
in aonaid mhaise i gcás táirgí eile.
Airteagal 24
Dáta íos-mharthanachta, an dáta “le húsáid roimh” agus dáta an reo
Airteagal 25
Coinníollacha stórála nó coinníollacha úsáide
Airteagal 26
Tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht
Beidh léiriú na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta sainordaitheach:
más rud é, de bharr mainneachtana i leith an léirithe sin, go gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir maidir le fíorthír thionscnaimh an bhia nó maidir le fíorbhunáitíocht an bhia, go háirithe dá dtabharfaí le tuiscint, thairis sin, leis an bhfaisnéis a ghabhann leis an mbia nó leis an lipéad, ina iomláine, go bhfuil tír thionscnaimh éagsúil nó bunáitíocht éagsúil ag an mbia;
maidir le feoil, a thagann faoi na cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“AC”) a liostaítear in Iarscríbhinn XI. Beidh cur i bhfeidhm an phointe seo faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8.
I gcás ina dtugtar an tír thionscnaimh nó bunáitíocht bhia áirithe agus ina bhfuil sí éagsúil le thír thionscnaimh nó bunáitíocht a phríomh-chomhábhair:
tabharfar tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair atá i gceist freisin; nó
léireofar nach ionann tír thionscnaimh nó bunáitíocht an phríomh-chomhábhair agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht an bhia.
Beidh cur i bhfeidhm na míre seo faoi réir na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 a ghlacadh.
Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle i ndáil le léiriú sainordaitheach na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta maidir leis na bianna seo a leanas:
saghsanna feola seachas mairteoil agus iad siúd dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2;
bainne;
bainne a úsáidtear mar chomhábhar i dtáirgí déiríochta;
bianna neamhphróiseáilte;
táirgí nach bhfuil ach comhábhar amháin iontu;
comhábhair ar mó iad ná 50 % den bhia.
Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur leis na tuarascálacha sin chun forálacha ábhartha an Aontais a mhodhnú.
I gcás bianna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2, i bpointe (a) de mhír 5 agus i mír 6, breithneoidh na tuarascálacha agus na measúnuithe tionchair a dhéanfar faoin Airteagal seo, inter alia, na roghanna do na modúlachtaí maidir le tír thionscnaimh agus bunáitíocht na mbianna sin a léiriú, go háirithe i ndáil le gach ceann de na pointí cinntitheacha seo a leanas i saolré an ainmhí:
áit bhreithe;
áit tógála;
áit mharaithe.
Airteagal 27
Treoracha um úsáid
Airteagal 28
Neart alcólach
ROINN 3
Dearbhú cothúcháin
Airteagal 29
Gaolmhaireacht le reachtaíocht eile
Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le bianna a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta seo a leanas:
Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le breiseáin bhia ( 10 );
Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú ( 11 ).
Airteagal 30
Inneachar
Áireofar sa dearbhú sainordaitheach cothúcháin an méid seo a leanas:
luach fuinnimh; agus
méideanna saille, sáitheán, carbaihiodráite, siúcraí, próitéiní agus salann.
I gcás inarb iomchuí, féadfar ráiteas a thaispeáint i ndlúthghaireacht don dearbhú cothúcháin ar ráiteas é lena léirítear gur de thoradh sóidiam a fhaightear go nádúrtha, agus é sin amháin, is ann don mhéid salainn atá ann.
Féadfar inneachar an dearbhaithe sainordaithí chothúcháin dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh le léiriú i leith méideanna ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
monai-neamhsháitheáin;
polai-neamhsháitheáin;
polóil;
stáirse;
snáithín;
aon cheann de na vitimíní nó de na mianraí a liostaítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII, agus atá ann i méideanna suntasacha, mar a shainítear i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII.
Nuair is ar lipéadú ábhair bhia réamhphacáilte a sholáthraítear an dearbhú cothúcháin sainordaitheach dá dtagraítear i mír 1, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a athrá air:
an luach fuinnimh; nó
an luach fuinnimh in éineacht leis na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn.
Gan dochar d’Airteagal 44 agus de mhaolú ar Airteagal 36(1), i gcás ina ndéantar, le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 44(1), dearbhú cothúcháin a sholáthar, féadfar inneachar an dearbhaithe sin a theorannú:
don luach fuinnimh; nó
don luach fuinnimh in éineacht leis na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn.
Airteagal 31
Ríomh
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia tar éis ullmhúchán a dhéanamh air, ar choinníoll go dtugtar treoracha ullmhúcháin sách mionsonraithe agus go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia mar a ullmhaítear é lena thomhailt.
Is é a bheidh sna luachanna a dhearbhaítear, de réir an cháis ar leith, meánluachanna atá bunaithe ar:
anailís an mhonaróra ar an mbia;
ríomh ar mheánluachanna aitheanta nó ar iarbhír na gcomhábhar a úsáidtear; nó
ríomh ar bhonn sonraí atá bunaithe go ginearálta agus a nglactar go ginearálta leo.
Féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme comhionann na míre seo ó thaobh bheachtas na luachanna dearbhaithe de, amhail na difríochtaí idir na luachanna dearbhaithe agus na luachanna arna mbunú le linn seiceálacha oifigiúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 32
Sloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml
Airteagal 33
Sloinneadh de réir coda nó de réir aonaid tomhaltais
Sna cásanna seo a leanas, féadfar an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5), a shloinneadh de réir coda agus/nó de réir aonad tomhaltais, atá so-aitheanta ag an tomhaltóir, ar choinníoll go ndéantar an chuid nó an t-aonad a chainníochtú ar an lipéad agus go sonrófar líon na gcodanna nó na n-aonad atá sa phacáiste:
de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(2) arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;
de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(3) maidir le méideanna vitimíní agus méideanna mianraí, arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml;
de bhreis ar an mbealach chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(4), arb é atá ann sloinneadh a dhéanamh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml nó in ionad an bhealaigh sin.
Nuair a shloinntear méideanna na gcothaitheach in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfar an luach fuinnimh a shloinneadh in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml agus in aghaidh na coda nó in aghaidh an aonaid tomhaltais.
Airteagal 34
Cur i láthair
Déanfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(3) a chur i láthair:
sa phríomhréimse radhairc; agus
trí chlómhéid a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 13(2).
Féadfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(3) a chur i láthair i bhformáid atá éagsúil leis an bhformáid a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Chun cur chun feidhme comhionann na míre seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an luach fuinnimh agus le méideanna cothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5) a bhféadfar breathnú air nó orthu mar luach diomaibhseach nó mar mhéideanna diomaibhseacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 35
Bealaí breise chun sloinneadh agus cur i láthair a dhéanamh
De bhreis ar na bealaí chun sloinneadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (4) agus in Airteagal 33 agus na bealaí curtha i láthair dá dtagraítear in Airteagal 34(2), féadfar an luach fuinnimh agus méid na gcothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 30(1) go (5) a thabhairt trí bhealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh agus/nó a chur i láthair trí mhodhanna grafacha nó trí shiombailí a úsáid de bhreis ar fhocail nó ar uimhreacha ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
go bhfuil siad bunaithe ar thaighde atá iontaofa agus atá bailí ó thaobh na heolaíochta de agus nach gcuirtear an tomhaltóir ar míthreoir leo, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7;
go leanann a bhforbairt as comhairliúchán le réimse leathan grúpa geallsealbhóirí;
go ndéantar leo tuiscint tomhaltóirí a éascú maidir le rannchuidiú an bhia nó tábhacht an bhia maidir le cion fuinnimh agus cion cothaitheach réime bia;
go bhfuil fianaise atá bailí ó thaobh na heolaíochta de ann chun tacú leo, ar fianaise í lena léirítear go dtuigeann an gnáth-thomhaltóir na bealaí sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh;
i gcás bealaí eile chun sloinneadh a dhéanamh, go bhfuil siad bunaithe ar na hiontógálacha comhchuibhithe tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, nó dá n-uireasa sin, ar chomhairle eolaíoch a nglactar léi go ginearálta maidir le hiontógálacha fuinnimh nó cothaitheach;
go bhfuil siad oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach; agus
nach gcruthaíonn a gcur i bhfeidhm constaicí ar shaorghluaiseacht earraí.
Ar mhaithe le héascú an fhaireacháin ar úsáid na mbealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na hoibreoirí gnó bia a chuireann bianna a bhfuil an fhaisnéis sin orthu ar an margadh ina gcríoch fógra a thabhairt don údarás inniúil maidir le húsáid bealaigh bhreise chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh agus féadfaidh na Ballstáit a cheangal orthu údair mhaithe ábhartha a thabhairt dóibh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (g) de mhír 1. I gcásanna den sórt sin, féadfar a cheangal freisin go dtabharfaí faisnéis maidir le scor d’úsáid a bhaint as na bealaí breise sin chun sloinneadh nó cur i láthair a dhéanamh.
CAIBIDIL V
FAISNÉIS SHAORÁLACH BHIA
Airteagal 36
Ceanglais is infheidhme
Maidir le faisnéis bhia a sholáthrófar ar bhonn saorálach, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:
ní chuirfear an tomhaltóir ar míthreoir léi, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 7;
ní bheidh sí débhríoch ná ní chuirfear mearbhall ar an tomhaltóir léi; agus
beidh sí, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar na sonraí ábhartha eolaíocha.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm i dtaca le faisnéis shaorálach bhia i dtaobh na nithe seo a leanas:
faisnéis faoi shubstaintí nó faoi tháirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a d’fhéadfadh a bheith i mbia, agus nach d’aon toil a bheidís ann;
faisnéis a bhaineann le hoiriúnacht bia do veigeatóirí nó veigeáin; agus
léiriú ar na hiontógálacha tagartha le haghaidh grúpa sonrach/grúpaí sonracha den daonra chomh maith leis na hiontógálacha tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
information on the absence or reduced presence of gluten in food.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).
Airteagal 37
Cur i láthair
Ní thaispeánfar an fhaisnéis bhia shaorálach chun aimhleas an spáis atá ar fáil le haghaidh na faisnéise bia sainordaithí.
CAIBIDIL VI
BEARTA NÁISIÚNTA
Airteagal 38
Bearta náisiúnta
Airteagal 39
Bearta náisiúnta maidir le sonraí sainordaitheacha breise
De bhreis ar na sonraí sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 45, bearta lena gceanglaítear sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh saghsanna sonracha bianna nó catagóirí sonracha bianna, i gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr, ar a laghad, ceann amháin de na forais seo a leanas:
an tsláinte phoiblí a chosaint;
tomhaltóirí a chosaint;
an chalaois a chosc;
cearta maoine tionsclaíche agus tráchtála a chosaint, léirithe bunáitíochta agus ainmníochtaí cláraithe tionscnaimh a chosaint, agus iomaíocht éagórach a chosc.
Airteagal 40
Bainne agus táirgí bainne
Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh de mhaolú ar Airteagal 9(1) agus ar Airteagal 10(1) i gcás bainne agus táirgí bainne a chuirtear i láthair i mbuidéil ghloine a cheaptar lena n-athúsáid.
Cuirfidh siad téacs na mbeart seo in iúl don Choimisiún gan mhoill.
Airteagal 41
Deochanna alcólacha
Go dtí go nglacfar na forálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16(4), féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a choimeád ar bun maidir le comhábhair a liostú i gcás deochanna a bhfuil breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu.
Airteagal 42
Glanchainníocht a shloinneadh
Cheal na bhforálacha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) maidir leis an nglanchainníocht a shloinneadh le haghaidh bianna sonraithe ar mhodh atá éagsúil leis an modh dá bhforáiltear in Airteagal 23(1), féadfaidh na Ballstáit na bearta náisiúnta a ghlac siad roimh an 12 Nollaig 2011 a choimeád ar bun.
Faoin 13 Nollaig 2014, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta den sórt sin. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.
Airteagal 43
Léiriú saorálach maidir le hiontógálacha tagartha le haghaidh grúpa sonrach/grúpaí sonracha den daonra
Go dtí go nglacfar forálacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 36(3), féadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh maidir le léiriú saorálach na n-iontógálacha tagartha le haghaidh grúpaí sonracha den daonra.
Déanfaidh na Ballstáit téacs na mbeart sin a chur chuig an gCoimisiún gan mhoill.
Airteagal 44
Bearta náisiúnta le haghaidh bia neamh-réamhphacáilte
I gcás ina dtairgtear bianna lena ndíol gan réamhphacáistíocht don tomhaltóir deiridh nó d’oll-lónadóirí, nó i gcás ina ndéantar bianna a phacáil san áitreabh díola arna iarraidh sin don tomhaltóir, nó ina ndéantar iad a réamhphacáil le haghaidh díolacháin dhírigh:
beidh soláthar na sonraí a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 9(1) sainordaitheach;
ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí eile dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 a sholáthar mura nglacfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta lena gceanglaítear go ndéanfar cuid de na sonraí sin nó na sonraí sin go léir nó eilimintí de na sonraí sin a sholáthar.
Airteagal 45
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 46
Leasuithe ar na hIarscríbhinní
Chun go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha, sláinte tomhaltóirí nó an gá atá ag tomhaltóirí le faisnéis, agus faoi réir na bhforálacha d’Airteagal 10(2) agus d’Airteagal 21(2) a bhaineann leis na leasuithe ar Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinn III, féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51.
Airteagal 47
Idirthréimhse maidir leis na bearta cur chun feidhme nó na gníomhartha tarmligthe agus dáta chur i bhfeidhm na mbeart nó na ngníomhartha sin
Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo chun bearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2) nó trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 51, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
bunóidh sé idirthréimhse iomchuí chun na bearta nua a chur i bhfeidhm, ar idirthréimhse í ar lena linn a fhéadfar bianna a chur ar an margadh ar bianna iad a mbeidh lipéid orthu ar lipéid iad nach mbeidh na bearta nua á gcomhlíonadh acu agus ar idirthréimhse í ar dá héis a fhéadfar leanúint de bheith ag díol stoic na mbianna sin a cuireadh ar an margadh roimh dheireadh na hidirthréimhse go dtí go mbeidh siad go léir ídithe; agus
áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na bearta sin ón 1 Aibreán in aon bhliain féilire.
Airteagal 48
Coiste
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 49
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006
In Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:
“Beidh sé sainordaitheach lipéadú a dhéanamh maidir le cothúchán do tháirgí a ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte ina leith, cé is moite d’fhógraíocht chineálach. Is éard a bheidh san fhaisnéis a chuirfear ar fáil an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí ( *1 ). I gcás ina ndéantar maíomh cothúcháin agus/nó maíomh sláinte i gcomhair cothaithigh dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 dearbhófar méid an chothaithigh sin i gcomhréir le hAirteagail 31 go 34 den Rialachán sin.
Maidir le méid na substainte nó méid na substaintí, méideanna na substainte nó méideanna na substaintí lena mbaineann maíomh cothúcháin nó sláinte nach dtaispeántar ar an lipéadú cothúcháin, déanfar é nó iad a lua sa réimse radhairc céanna leis an lipéadú cothúcháin agus sloinnfear é/iad i gcomhréir le hAirteagal 31, le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Beidh na haonaid tomhais a úsáidtear chun méid na substainte a shloinneadh iomchuí do na substaintí aonair lena mbaineann.
Airteagal 50
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006
Cuirtear an méid seo in ionad mhír 3 d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006:
Airteagal 51
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 52
An nós imeachta práinne
Airteagal 53
Aisghairm
Airteagal 54
Bearta idirthréimhseacha
Maidir le bianna arna gcur ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh an 13 Nollaig 2016 agus nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar síos i bpointe (l) d’Airteagal 9(1), féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.
Maidir le bianna arna gcur ar an margadh nó a gcuirtear lipéid orthu roimh an 1 Eanáir 2014, agus nach gcomhlíonann an ceanglas a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn VI, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh stoic na mbianna sin ídithe.
D’ainneoin Rialachán (CE) Uimh. 1162/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha maidir le cur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 853/2004, (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), féadfar bianna arna lipéadú i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar an margadh roimh an 1 Eanáir 2014.
Airteagal 55
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige amhail ón 13 Nollaig 2014, cé is moite de phointe (l) d’Airteagal 9(1) a mbeidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2016, agus cé is moite de Chuid B d’Iarscríbhinn VI a mbeidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
SAINMHÍNITHE SONRACHA
Amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(4)
ciallaíonn “dearbhú cothúcháin” nó “lipéadú cothúcháin” an fhaisnéis ina luaitear:
luach fuinnimh; nó
luach fuinnimh agus ceann amháin nó níos mó de na cothaithigh seo a leanas, agus na cothaithigh sin amháin:
ciallaíonn “saill” iomlán na lipidí, agus áirítear ann fosfailipidí;
ciallaíonn “sáitheáin” aigéid shailleacha nach bhfuil nasc dúbailte iontu;
ciallaíonn “tras-saill” aigéid shailleacha a bhfuil ar a laghad nasc dúbailte carbóin-charbóine neamh-chomhchuingeach (eadhon nasc atá á idirscor ag grúpa meitiléine amháin ar a laghad) amháin sa tras-chumraíocht;
ciallaíonn “monai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil nasc dúbailte cis amháin iontu;
ciallaíonn “polai-neamhsháitheáin” aigéid shailleacha a bhfuil dhá nasc dúbailte cis, cis-mheitiléine idirscortha nó níos mó iontu;
ciallaíonn “carbaihiodráit” aon charbaihiodráit a dhéantar a mheitibiliú i ndaoine, agus lena n-áirítear polóil;
ciallaíonn “siúcraí” na monaisiúicrídí agus na déshiúicrídí ar fad atá sa bhia, gan polóil a chur san áireamh;
ciallaíonn “polóil” alcóil a bhfuil dhá ghrúpa hiodrocsaile nó níos mó iontu;
ciallaíonn “próitéin” an mhéid próitéine a ríomhtar tríd an bhfoirmle seo a leanas: próitéin = nítrigin Kjeldahl iomlán × 6,25;
ciallaíonn “salann” an mhéid chomhionann salainn agus é á ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas: salann = sóidiam × 2,5;
ciallaíonn “snáithín” polaiméirí carbaihiodráite a bhfuil trí cinn nó níos mó d’aonaid mhonaiméireacha iontu, nach ndéantar a dhíleá ná a ionsú i stéig bheag an duine agus ar de na catagóirí seo a leanas iad:
ciallaíonn “meánluach” an luach is fearr a sheasann do mhéid an chothaithigh i mbia áirithe, agus a fhreagraíonn do lamháltais i leith inathraitheachta séasúraí, patrún tomhaltais agus dálaí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hathrú ar an bhfíorluach.
IARSCRÍBHINN II
SUBSTAINTÍ NÓ TÁIRGÍ IS CÚIS LE hAILLÉIRGÍ NÓ LE hÉADULAINGTÍ
1. Cereals containing gluten, namely: wheat (such as spelt and khorasan wheat), rye, barley, oats or their hybridised strains, and products thereof, except:
síoróipí glúcóis chruithneacht-bhunaithe, lena n-áirítear deaslós ( 15 );
maltódeisliní chruithneacht-bhunaithe (15) ;
síoróipí glúcóis eorna-bhunaithe;
gránaigh a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;
2. Crústaigh agus táirgí a rinneadh astu;
3. Uibheacha agus táirgí a rinneadh astu;
4. Éisc agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:
geilitín éisc a úsáidtear mar iompróir d’ullmhóidí vitimíneacha nó d’ullmhóidí caraitéanóideacha;
geilitín éisc nó iascghlae, a úsáidtear mar oibreán mínitheach i mbeoir agus i bhfíon;
5. Piseanna talún agus táirgí a rinneadh astu;
6. Pónairí soighe agus táirgí a rinneadh astu, seachas an méid seo a leanas:
ola agus saill soighe atá scagtha go hiomlán (15) ;
tócaifearóil mheasctha nádúrtha (E306), tócaifearól D-alfa nádúrtha, aicéatáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha, sucanáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha a fhaightear ó phónairí soighe;
fíteastaróil atá díorthaithe ó olaí glasraí agus eistir fíteastaróil a fhaightear ó phónairí soighe;
eistear stanóil planda a tháirgtear ó staróil ola glasraí ó phónairí soighe;
7. Bainne agus táirgí a rinneadh as (lena n-áirítear lachtós), seachas an méid seo a leanas:
meadhg a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh, lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;
lactiteal;
8. Cnónna, eadhon: almóinní (Amygdalus communis L.), cnónna coill (Corylus avellana), gallchnónna (Juglans regia), cnónna caisiú (Anacardium occidentale), cnónna peagáin (Carya illinoinensis (Wangenh.) K. Koch), cnónna Brasaíleacha (Bertholletia excelsa), cnónna pistéise (Pistacia vera), cnónna macadaíme nó cnónna Thír na Banríona (Macadamia ternifolia), agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin cnónna a úsáidtear chun driogáití alcólacha a dhéanamh, lena n-áirítear alcól eitile de bhunús talmhaíochta;
9. Soilire agus táirgí a rinneadh as;
10. Mustard agus táirgí a rinneadh as;
11. Síolta seasamain agus táirgí a rinneadh astu;
12. Dé-ocsaíd sulfair agus suilfítí ag tiúchain de bhreis agus 10 mg/kg nó 10 mg/lítear maidir leis an méid iomlán SO2, ar dé-ocsáid sulfair agus suilfítí iad atá le ríomh i dtaca le táirgí mar a chuirtear ar fáil lena dtomhailt iad nó mar tháirgí a athrinneadh i gcomhréir le treoracha na monaróirí;
13. Lúipín agus táirgí a rinneadh as;
14. Moilisc agus táirgí a rinneadh astu.
IARSCRÍBHINN III
BIANNA AR INA LEITH IS GÁ CEANN AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE SHONRAÍ BREISE A ÁIREAMH AR A LIPÉADÚ
SAGHAS NÓ CATAGÓIR BIA |
SONRAÍ |
1. Bianna atá pacáistithe i ngáis áirithe |
|
1.1. Bianna ar cuireadh lena marthanacht trí bhíthin gás pacáistíochta atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
“pacáistíodh an táirge seo in atmaisféar cosanta”. |
2. Bianna a bhfuil milseoirí iontu |
|
2.1. Bianna a bhfuil milseoir nó milseoirí iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
“le milseoir(í)”, gabhfaidh an ráiteas seo le hainm an bhia. |
2.2. Bianna a bhfuil siúcra áirithe breise nó siúcraí breise mar aon le milseoir breise nó milseoirí breise iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
“le siúcra(í) agus milseoir(í)”, gabhfaidh an ráiteas seo le hainm an bhia. |
2.3. Bianna a bhfuil aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
“Apairtéim ann (foinse feiniolalainín)”; beidh na focail sin ar an lipéad i gcásanna gur le tagairt don E-uimhir amháin a bheidh aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime luaite i liosta na gcomhábhar. “Foinse feiniolalainín ann”; beidh na focail sin ar an lipéad i gcásanna gur leis an ainm sonrach a bheidh aspairtéim/salann aspairtéim-aicéasuilféime luaite i liosta na gcomhábhar. |
2.4. Bianna a bhfuil níos mó ná 10 % polóil bhreise iontu atá údaraithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
“d’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar a róthomhailt”. |
3. Bianna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a salann amóiniam iontu |
|
3.1. Milseogra nó deochanna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 100 mg/kg nó 10 mg/l nó níos mó. |
cuirfear “Liocras ann” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar, seachas nuair a bhíonn an téarma “liocras” san áireamh sa liosta comhábhar nó in ainm an bhia cheana. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia. |
3.2. Milseogra a bhfuil aigéad glicricsíníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 4 g/kg nó níos mó. |
cuirfear “Liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia. |
3.3. Deochanna a bhfuil aigéad glicrisiníoch nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh an tsubstaint ann féin/na substaintí iontu féin leo nó gur cuireadh an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag tiúchan de 50 mg/l nó níos mó, nó 300 mg/l nó níos mó i gcás deochanna le breis agus 1,2 % alcóil de réir toirte iontu (1). |
cuirfear “Liocras ann – ná hith an iomarca den táirge seo má tá hipirtheannas ort” díreach i ndiaidh an liosta comhábhar. D’uireasa liosta comhábhar, gabhfaidh an ráiteas le hainm an bhia. |
4. Deochanna a bhfuil ardchion caiféine nó bianna le caiféin breise iontu |
|
4.1. Deochanna, seachas deochanna atá bunaithe ar chaife, ar thae nó ar úsc caife nó ar úsc tae nuair a áirítear in ainm an bhia an téarma “caife” nó “tae”, deochanna atá: — ceaptha bheith ólta gan aon athrú orthu agus agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu, ó cibé foinse, nó — i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm thirim a gcuirtear caiféin iontu le linn an phróisis athdhéanta, ó cibé foinse, agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu. |
“Le hardchion caiféine. Ní mholtar é seo do leanaí ná do mhná atá torrach nó ag cothú leis an gcíoch” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm na dí, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh an 100 ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo. |
4.2. Bianna seachas deochanna, lena gcuirtear caiféin chun críche fiseolaíche. |
“Caiféin ann. Ní mholtar é seo do leanaí ná do mhná torracha” sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm an táirge, le tagairt ina dhiaidh idir lúibíní don chion caiféine arna shloinneadh i mg in aghaidh an 100 g/ml i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo. I gcás breiseán bia, déanfar an cion caiféine a shloinneadh ar an lipéadú, in aghaidh na coda, de réir an mholta maidir le tomhaltas laethúil. |
5. Bianna a bhfuil fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil bhreise iontu |
|
5.1. Bianna nó comhábhair bhia a bhfuil fíteastaróil bhreise, eistir fíteastaróil bhreise, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil bhreise iontu. |
(1) “le stéaróil phlanda bhreise” nó “le stanóil phlanda bhreise” sa réimse radhairc céanna ina dtaispeántar ainm an bhia; (2) sonrófar cion an méid fíteastaról breise, an méid eistear fíteastaról breise, an méid fíteastanól breise nó an méid eistear fíteastanól atá ann nó iontu (arna shloinneadh mar % nó mar g saor-staról planda/saor-stanól planda an 100 g nó an 100 ml bia) sa liosta comhábhar; ►M2 (3) a statement that the product is not intended for people who do not need to control their blood cholesterol level; ◄ (4) ráiteas nár chóir do dhaoine a bhfuil cógas laghdaithe colaistéaróil á thógáil acu an táirge seo a ithe ach faoi mhaoirseacht dochtúra; (5) ráiteas sofheicthe go bhféadfadh an bia gan a bheith oiriúnach ó thaobh cothaithe de do mhná atá torrach nó atá ag cothú leis an gcíoch nó do leanaí faoi chúig bliana d’aois; (6) an chomhairle gur gá an bia a úsáid mar chuid de réim chothrom, ilchineálach bia, lena n-áirítear torthaí agus glasraí a ithe go rialta chun cabhrú leis na leibhéil charaitéanóideacha a choimeád; (7) sa réimse céanna radhairc ina bhfuil an ráiteas a cheanglaítear faoi phointe (3) thuas, ráiteas gur chóir caitheamh de bhreis agus 3 g in aghaidh an lae de stéaróil phlanda breise/stanóil phlanda breise, a sheachaint; (8) sainmhíniú ar cad é an chuid den bhia nó den chomhábhar bia lena mbaineann (agus b’fhearr é sin a thabhairt i ng nó i ml) agus an méid stéaróil/stanóil phlanda atá i ngach cuid díobh. |
6. Feoil reoite, ullmhóidí feola reoite agus táirgí neamhphróiseáilte reoite iascaigh |
|
6.1. Feoil reoite, ullmhóidí feola reoite agus táirgí neamhphróiseáilte reoite iascaigh. |
dáta an reo nó dáta an chéad reo i gcásanna ina ndearnadh an táirge a reo níos mó ná uair amháin, i gcomhréir le pointe (3) d’Iarscríbhinn X. |
(1)
Beidh feidhm ag an leibhéal sin maidir leis na táirgí a thairgtear mar táirgí atá réidh le caitheamh nó mar tháirgí athdhéanta de réir threoracha na monaróirí. |
IARSCRÍBHINN IV
SAINMHÍNIÚ AR x-AIRDE
x – AIRDE
Gluais
1 |
Líne an éirithigh |
2 |
Líne na gceannlitreacha |
3 |
Meánlíne |
4 |
Bonnlíne |
5 |
Líne an íslithigh |
6 |
x-airde |
7 |
Clómhéid |
IARSCRÍBHINN V
BIANNA ATÁ DÍOLMHAITHE ÓN gCEANGLAS I dTACA LEIS AN DEARBHÚ SAINORDAITHEACH COTHÚCHÁIN
1. Táirgí neamhphróiseáilte nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin chomhábhar;
2. Táirgí próiseáilte nach ndearnadh aon phróiseáil orthu ach iad a aibiú agus nach bhfuil iontu ach comhábhar amháin nó catagóir amháin de chomhábhair;
3. Uisce a bheartaítear lena ól ag daoine, lena n-áirítear uisce nach bhfuil ach dé-ocsaíd charbóin agus/nó blastáin agus iad sin amháin mar chomhábhair bhreise ann;
4. Luibh, spíosra nó meascán díobh;
5. Salann agus ionadaigh salainn;
6. Milseoirí barr tábla;
7. Táirgí a chumhdaítear le Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le húisc chaife agus shiocaire ( 16 ), pónairí caife iomlána nó meilte agus pónairí caife iomlána nó meilte gan chaiféin;
8. Insiltí luibheanna agus torthaí, tae, tae gan chaiféin, tae ar an toirt nó intuaslagtha nó úsc tae, tae ar an toirt gan chaiféin nó tae intuaslagtha gan chaiféin nó úsc tae gan chaiféin, nach bhfuil comhábhair bhreise eile iontu seachas blastáin nach n-athraíonn luach cothaitheach an tae;
9. Fínéagair choipthe agus ionadaigh fínéagair, lena n-áirítear fínéagair nach bhfuil ach blastáin agus iad sin amháin mar chomhábhair bhreise iontu;
10. Blastáin;
11. Breiseáin bhia;
12. Áiseanna próiseála;
13. Einsímí bia;
14. Geilitín;
15. Cumaisc théachtaithe suibhe;
16. Giosta;
17. Gumaí coganta;
18. Bia pacáistithe nó bia i gcoimeádáin ar lú ná 25 cm2 an dromchla is mó atá orthu;
19. Bia, lena n-áirítear bia lámhcheardaithe, a sholáthraíonn monaróirí i méideanna beaga táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn táirgí go díreach don tomhaltóir deiridh.
IARSCRÍBHINN VI
AINM AN BHIA AGUS SONRAÍ SONRACHA A GHABHANN LEIS
CUID A — SONRAÍ SAINORDAITHEACHA A GHABHANN LE hAINM AN BHIA
1. Áireofar, le hainm an bhia, sonraí maidir le staid fhisiceach an bhia nó an bealach sonrach inar cuireadh cóireáil air nó beidh na sonraí sin ag gabháil leis (mar shampla, púdraithe, athreoite, reothriomaithe, mear-reoite, tiubhaithe, deataithe) i ngach cás ina bhféadfaí an ceannaitheoir a chur ar míthreoir d’uireasa na faisnéise sin.
2. I gcás bianna a reoitear sula ndíoltar iad agus a dhíoltar díreoite, beidh an ainmníocht “dí-reoite” ag gabháil leis na mbia.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir leis an méid seo a leanas:
comhábhair atá sa táirge deiridh;
bianna ar céim riachtanach den phróiseas táirgeachta é an reo;
bianna nach bhfuil aon tionchar diúltach ag an dí-reo ar shábháilteacht nó ar cháilíocht an bhia.
Beidh feidhm ag an bpointe seo gan dochar do phointe 1.
3. I gcás bianna atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch, taispeánfar ceann de na léirithe seo a leanas air:
“ionradaithe” nó “cóireáilte le radaíocht ianaíoch”, agus sonraí eile mar a luaitear i dTreoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch ( 17 ).
4. I gcás bianna ina ndéantar comhchuid nó comhábhar éagsúil a chur in ionad comhchoda nó comhábhair a mbíonn súil ag na tomhaltóirí gurb í nó gurb é is iondúil a bhíonn á úsáid iontu nó a bhíonn iontu go nádúrtha, beidh léiriú soiléir ar an lipéadú – chomh maith leis an liosta comhábhar – ar an gcomhchuid nó ar an gcomhábhar a úsáideadh don ionadú páirteach nó iomlán, agus maidir leis an léiriú sin:
beidh sé i ndlúthghaireacht d’ainm an táirge; agus
déanfar é trí úsáid a bhaint as clómhéid ag a bhfuil x-airde de 75 % ar a laghad de x-airde ainm an táirge agus ní bheidh an clómhéid sin níos lú ná an clómhéid íosta a cheanglaítear le hAirteagal 13(2) den Rialachán seo.
5. I gcás táirgí feola, ullmhóidí feola agus táirgí iacaigh a bhfuil próitéiní ina gcáilíocht féin iontu, lena n-áirítear próitéiní hidrealaithe, ar de thionscnamh ainmhíocha difriúil iad, déanfar léiriú gur ann do na próitéiní sin agus cad dar tionscnamh iad a chur ar ainm an bhia.
6. I gcás táirgí feola agus ullmhóidí feola a bhfuil a chosúlacht orthu gur stiall, spóla, slisne, cuid nó conablach feola iad, beidh ar áireamh in ainm an bhia léiriú maidir le huisce breise a bheith leis más mó an méid uisce atá leis ná 5 % de mheáchan an táirge deiridh. Beidh feidhm ag na rialacha céanna sin i gcás táirgí iascaigh agus táirgí ullmhaithe iascaigh a bhfuil a chosúlacht orthu gur stiall, spóla, slisne, cuid, filéad nó an t-iomlán de tháirge éisc iad.
7. Maidir le táirgí feola, ullmhóidí feola agus táirgí iascaigh a bhféadfaí a thuiscint ina dtaobh gur déanta as píosa iomlán feola nó éisc atá siad, ach gurb éard atá iontu go hiarbhír ná píosaí éagsúla atá cumasctha le chéile ag comhábhair eile, lena n-áirítear breiseáin bhia agus einsímí bia nó le modhanna eile, beidh an léiriú seo a leanas orthu:
sa Bhulgáiris |
: |
“формовано месо” agus “формована риба”; |
sa Spáinnis |
: |
“elaborado a partir de piezas de carne” agus “elaborado a partir de piezas de pescado”; |
sa tSeicis |
: |
“ze spojovaných kousků masa” agus “ze spojovaných kousků rybího masa”; |
sa Danmhairgis |
: |
“Sammensat af stykker af kød” agus “Sammensat af stykker af fisk”; |
sa Ghearmáinis |
: |
“aus Fleischstücken zusammengefügt” agus “aus Fischstücken zusammengefügt”; |
san Eastóinis |
: |
“liidetud liha” agus “liidetud kala”; |
sa Ghréigis |
: |
“μορφοποιημένο κρέας” agus “μορφοποιημένο ψάρι”; |
sa Bhéarla |
: |
“formed meat” agus “formed fish”; |
sa Fhraincis |
: |
“viande reconstituée” agus “poisson reconstitué”; |
sa Ghaeilge |
: |
“píosaí feola ceangailte” agus “píosaí éisc ceangailte”; |
san Iodáilis |
: |
“costituito da parti di carne” agus “costituito da parti di pesce”; |
sa Laitvis |
: |
“formēta gaļa” agus “formēta zivs”; |
sa Liotuáinis |
: |
“sudarytas (-a) iš mėsos gabalų” agus “sudarytas (-a) iš žuvies gabalų”; |
san Ungáiris |
: |
“darabokból újraformázott hús” agus “darabokból újraformázott hal”; |
sa Mháltais |
: |
“laħam rikostitwit” agus “ħut rikostitwit”; |
san Ollainnis |
: |
“samengesteld uit stukjes vlees” agus “samengesteld uit stukjes vis”; |
sa Pholainnis |
: |
“z połączonych kawałków mięsa” agus “z połączonych kawałków ryby”; |
sa Phortaingéilis |
: |
“carne reconstituída” agus “peixe reconstituído”; |
sa Rómáinis |
: |
“carne formată” agus “carne de pește formată”; |
sa tSlóvaicis |
: |
“zo spájaných kúskov mäsa” agus “zo spájaných kúskov ryby”; |
sa tSlóivéinis |
: |
“sestavljeno, iz koščkov oblikovano meso” agus “sestavljene, iz koščkov oblikovane ribe”; |
san Fhionlainnis |
: |
“paloista yhdistetty liha” agus “paloista yhdistetty kala”; |
sa tSualainnis |
: |
“sammanfogade bitar av kött” agus “sammanfogade bitar av fisk”. |
CUID B — CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LEIS AN AINMNÍOCHT “MIONFHEOIL”
1. Critéir maidir le comhdhéanamh a dhéantar a sheiceáil ar bhonn an mheáin laethúil:
|
Cion saille |
Collaigin/cóimheas próitéine-feola (1) |
— mionfheoil thrua |
≤ 7 % |
≤ 12 % |
— fíor-mhionmhairteoil |
≤ 20 % |
≤ 15 % |
— mionfheoil a bhfuil feoil muice iontu |
≤ 30 % |
≤ 18 % |
— mionfheoil ó speicis eile |
≤ 25 % |
≤ 15 % |
(1)
Sloinntear cóimheas collaigine/próitéine feola mar chéatadán de chollaigin i bpróitéin feola. Ciallaíonn cion na collaigine cion an hiodrocsapróilín arna iolrú ar fhachtóir de 8. |
2. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil IV de Roinn V d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, taispeánfar na nathanna seo a leanas ar an lipéadú:
3. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfí mionfheoil ar an margadh faoi mharc náisiúnta, ar mionfheoil í nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo, agus ar marc é nach féidir aon iomrall a bheith ann idir é agus na marcanna eile dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.
CUID C — CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LE CRAICNE ISPÍNÍ A AINMNIÚ
Mura bhfuil an craiceann ispín inite, ní mór é sin a léiriú.
IARSCRÍBHINN VII
COMHÁBHAIR A LÉIRIÚAGUS A AINMNIÚ
CUID A — FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE COMHÁBHAIR A LÉIRIÚ IN ORD ÍSLITHEACH DE RÉIR MEÁCHAIN
Catagóir an chomhábhair |
Foráil maidir le léiriú de réir meáchain |
1. Táirgí a bhfuil uisce breise iontu agus táirgí so-ghalaithe |
Déanfar na comhábhair seo a liostú in ord a meáchain sa táirge críochnaithe. Déanfar an méid uisce a cuireadh leis an mbia mar chomhábhar a ríomh trí mhéid iomlán na gcomhábhar eile a bhaint de mhéid iomlán an táirge chríochnaithe. Ní chaithfear an méid sin a chur san áireamh mura mó é ná 5 % de réir meáchain den táirge críochnaithe. Níl feidhm ag an maolú seo maidir le feoil, ullmhóidí feola, táirgí neamhphróiseáilte iascaigh agus moilisc dhébhlaoscacha neamhphróiseáilte |
2. Comhábhair a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm díhiodráitithe a athdhéantar tráth an mhonaraithe |
Féadfar iad a liostú in ord a meáchain a taifeadadh sular dlúthaíodh nó sular díhiodráitíodh iad |
3. Comhábhair a úsáidtear i mbia dlúth nó i mbia díhiodráitithe, a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leo |
Féadfar iad a liostú in ord a gcion sa táirge athdhéanta ar an gcoinníoll go gcuirtear frása leo, amhail, “comhábhair an táirge athdhéanta”, nó “comhábhair an táirge réidh le húsáid” |
4. Torthaí, glasraí nó beacáin, nach troime ná a chéile ar bhealach suntasach aon cheann díobh agus a úsáidtear i gcionmhaireachtaí ar dual dóibh athrú, i meascán mar chomhábhair bhia |
Féadfar iad a ghrúpáil le chéile ar an liosta comhábhar faoin ainmníocht: “torthaí”, “glasraí” nó “beacáin” agus an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” ina dhiaidh sin, agus go díreach ina dhiaidh sin, liosta na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge. I gcásanna den sórt sin, áireofar an meascán sa liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge |
5. Meascáin de spíosraí nó de luibheanna, nach troime go suntasach aon cheann díobh ó thaobh chionmhaireacht an mheáchain de |
Féadfar iad a liostú in ord difriúil ar choinníoll go mbeidh frása, amhail “i gcionmhaireacht athraitheach”, ag dul leis an liosta comhábhar |
6. Comhábhair ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe |
Féadfar iad a liostú in ord eile i ndiaidh na gcomhábhar eile |
7. Comhábhair, atá comhchosúil lena chéile nó ar féidir iad a úsáid in ionad a chéile, ar dhócha go n-úsáidfear iad chun bia a dhéanamh nó a ullmhú gan a chomhdhéanamh, a nádúr nó a luach meabhairbhraite a athrú, agus sa mhéid nach bhfuil iontu ach níos lú ná 2 % den táirge críochnaithe |
Féadfar tagairt dóibh sa liosta comhábhar trí bhíthin an ráitis “… agus/nó … ann”, i gcás ina mbeidh ar a laghad comhábhar amháin de, ar a mhéid, dhá chomhábhar sa táirge críochnaithe. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia nó comhábhair a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn seo, ná maidir le substaintí ná táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí |
8. Olaí scagtha de thionscnamh glasraí |
Féadfar iad a ghrúpáil le chéile sa liosta comhábhar faoin ainmníocht “olaí glasraí”, agus liosta de thionscnamh sonrach glasraí a bheith díreach ina dhiaidh, agus féadfar an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” a chur ina dhiaidh freisin. Má bhíonn siad grúpáilte le chéile, déanfar olaí glasraí a chur ar an liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na n-olaí glasraí atá sa táirge. Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le hola hidriginithe |
9. Saillte scagtha de thionscnamh glasraí |
Féadfar iad a ghrúpáil le chéile sa liosta comhábhar faoin ainmníocht “saillte glasraí”, agus liosta de thionscnamh sonrach glasraí a bheith díreach ina dhiaidh, agus féadfar an frása “i gcionmhaireachtaí athraitheacha” a chur ina dhiaidh freisin. Má bhíonn siad grúpáilte le chéile, déanfar saillte glasraí a chur ar an liosta comhábhar i gcomhréir le hAirteagal 18(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na saillte glasraí atá sa táirge. Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le saill hidriginithe |
CUID B — COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ LE hAINM CATAGÓIRE SEACHAS LE hAINM SONRACH
Gan dochar d’Airteagal 21, maidir le comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí de bhianna liostaithe thíos agus ar comhchodanna iad de bhia eile, féadfar iad a ainmniú faoi ainm na catagóire sin in ionad an ainm shonraigh.
Sainmhíniú ar chatagóir an bhia |
Ainmníocht |
|||||||||||||||
1. Olaí scagtha de thionscnamh ainmhíoch |
“Ola”, agus an aidiacht “ainmhíoch”, nó an léiriú maidir le tionscnamh sonrach ainmhíoch. Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le hola hidriginithe |
|||||||||||||||
2. Saillte scagtha de thionscnamh ainmhíoch |
“Saill”, agus an aidiacht “ainmhíoch”, nó an léiriú maidir le tionscnamh sonrach ainmhíoch. Ní mór an frása “hidriginithe go hiomlán” nó “hidriginithe go páirteach”, de réir mar is iomchuí, a bheith i dteannta an léirithe maidir le saill hidriginithe |
|||||||||||||||
3. Meascáin de phlúir a fuarthas as dhá ghránspeiceas nó níos mó |
“Plúr”, agus liosta ina dhiaidh sin de na gránaigh a úsáideadh chun an plúr a dhéanamh, in ord íslitheach de réir meáchain |
|||||||||||||||
4. Stáirsí, agus stáirsí a athraíodh ar mhodh fisiceach nó trí einsímí |
“Stáirse” |
|||||||||||||||
5. Gach speiceas éisc nuair a úsáidtear an t-iasc mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach ndéantar tagairt le hainm ná le cur i láthair an bhia sin do shainspeiceas éisc |
“Éisc” |
|||||||||||||||
6. Gach saghas cáise nuair a úsáidtear an cháis nó meascán de cháiseanna mar chomhábhar i mbia eile agus ar choinníoll nach tagairt é ainm agus cur i láthair an bhia sin do shainchineál cáise |
“Cáis” |
|||||||||||||||
7. Iomlán na spíosraí nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia iad |
“Spíosra(í)” nó “spíosraí measctha” |
|||||||||||||||
8. Iomlán na luibheanna nó codanna de luibheanna nach mó ná 2 % de réir mheáchan an bhia iad |
“Luibh(eanna)” nó “luibheanna measctha” |
|||||||||||||||
9. Gach saghas ullmhóidí guma a úsáidtear chun bonn guma a mhonarú le haghaidh guma coganta |
“Bonn guma” |
|||||||||||||||
10. Gach saghas táirge gránaigh bácáilte faoi ghrabhróga |
“Grabhróga” nó “roscaí”, de réir mar is iomchuí |
|||||||||||||||
11. Gach saghas siúcróis |
“Siúcra” |
|||||||||||||||
12. Deaslós anhiodrach nó deaslós monaihiodrach |
“Deaslós” |
|||||||||||||||
13. Síoróip ghlúcóis agus síoróip ghlúcóis anhiodrach |
“Síoróip ghlúcóis” |
|||||||||||||||
14. Gach saghas próitéine bainne (cáiséiní, cáiséineáití agus próitéiní meidhg) agus meascáin a dhéantar astu |
“Próitéiní bainne” |
|||||||||||||||
15. Im cócó brúite, asbhrúite nó scagtha |
“Im cócó” |
|||||||||||||||
16. Gach saghas fíona a chumhdaítear le hIarscríbhinn XIb a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1) |
“Fíon” |
|||||||||||||||
17. Matáin chnámharlaigh (2) de speicis mhamacha agus éan a nglactar leo a bheith oiriúnach lena n-ithe ag daoine agus a bhfuil fíochán cuimsithe nó greamaitheach nádúrtha orthu, nuair nach mó cion iomlán na saille agus an fhíocháin tacaíochta ná na luachanna atá léirithe thíos agus nuair a úsáidtear an fheoil mar chomhábhar i mbia eile. Uaschionta na saille agus an fhíocháin tacaíochta do chomhábhair dá dtagraítear leis an téarma “… fheoil” [nó “feoil …” de réir mar a bheidh]
Má dhéantar na huasteorainneacha a shárú, ach má chomhlíontar na critéir eile don sainmhíniú “feoil”, ní mór cion na “… fheola” [nó na “feola …”, de réir mar a bheidh] a ísliú dá réir sin agus ní mór saill agus/nó fíochán tacaíochta a lua sa liosta comhábhar i dteannta an téarma “… fheoil” [nó “feoil …”, de réir mar a bheidh]. Eisiatar ón sainmhíniú seo na táirgí a chumhdaítear faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha” |
“… fheoil” [nó feoil …, de réir mar a bheidh] agus ainm(neacha) (3) an speicis ainmhithe óna bhfaightear í |
|||||||||||||||
18. Gach saghas táirgí a thagann faoin sainmhíniú “feoil inneall-scartha” |
“feoil inneall-scartha” agus ainm(neacha) (3) speiceas na n-ainmhithe óna bhfaightear í |
|||||||||||||||
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.
(2)
Is cuid de na matáin chnámharlaigh iad an scairt agus na matáin choganta, ach ní chuirtear an croí, an teanga, matáin an chinn (seachas na matáin choganta), matáin an charpais, an tarsais agus an eireabaill san áireamh.
(3)
Féadfar ainm ginearálta an chomhábhair don speiceas ainmhithe lena mbaineann a úsáid i gcomhair an lipéadaithe as Béarla, in ionad na hainmníochta sin. |
CUID C — COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ LE hAINM A gCATAGÓIRE AGUS A nAINM SONRACH NÓ A nE-UIMHIR SHONRACH INA DHIAIDH
Gan dochar d’Airteagal 21, ní mór breiseáin bhia agus einsímí bia a bhaineann le ceann de na catagóirí a liostaítear sa Chuid seo, seachas na cinn a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 20 a ainmniú de réir na catagóire sin agus a n-ainm sonrach nó an E-uimhir, más iomchuí, a chur síos ina dhiaidh sin. Má bhaineann comhábhar le breis agus catagóir amháin, léireofar an chatagóir is iomchuí i leith na príomhfheidhme i gcás an bhia lena mbaineann.
CUID D — BLASTÁIN ATÁ SA LIOSTA COMHÁBHAR A AINMNIÚ
1. Ainmneofar blastáin trí cheachtar de na téarmaí seo a leanas:
2. Úsáidtear an téarma “nádúrtha” chun tuairisc a dhéanamh ar bhlastáin i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.
3. Cuinín agus/nó caiféin a úsáidtear mar bhlastán i dtáirgeadh agus in ullmhú an bhia, is ina n-ainmneacha a luafar iad sa liosta comhábhar, díreach tar éis an téarma “blastán” nó “blastáin”.
CUID E — COMHÁBHAIR CUMAISC A AINMNIÚ
1. Féadfar comhábhar cumaisc a áireamh sa liosta comhábhar, faoina ainmíocht féin sa mhéid go bhfuil sé seo leagtha amach de réir dlí nó bunaithe de réir custaim, ina mheáchan iomlán, agus liosta a chomhábhar a bheith díreach ina dhiaidh sin.
2. Gan dochar d’Airteagal 21, ní bheidh an liosta comhábhar éigeantach le haghaidh comhábhar cumaisc:
nuair a shainmhínítear comhdhéanamh an chomhábhair chumaisc i bhforálacha reatha Aontais, agus sa mhéid gur lú ná 2 % an comhábhar cumaisc den táirge críochnaithe; ní bheidh feidhm, áfach, ag an bhforáil seo maidir le breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20;
maidir le comhábhair chumaisc arb é atá iontu meascáin de spíosraí agus/nó de luibheanna ar lú iad ná 2 % den táirge críochnaithe, seachas breiseáin bhia, faoi réir phointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 20;
nuair is éard atá sa chomhábhar cumaisc ná bia ar ina leith nach gá liosta comhábhar a sholáthar faoi fhorálacha Aontais.
IARSCRÍBHINN VIII
LÉIRIÚ CAINNÍOCHTÚIL COMHÁBHAR
1. Ní bheidh gá le léiriú cainníochtúil:
i leith comhábhair nó catagóire comhábhar:
a bhfuil a meáchan glan díscithe á léiriú i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn IX;
a bhfuil sé éigeantach cheana féin a chainníochtaí a thaispeáint ar an lipéadú faoi fhorálacha an Aontais;
nach n-úsáidtear ach cainníochtaí beaga de le haghaidh cuspóirí blaistithe; nó
nach leor an comhábhar, cé gur ann dó in ainm an bhia, le go mbeadh rogha an tomhaltóra á rialú aige sa tír ina gcuirtear ar an margadh é, toisc nach bhfuil baint riachtanach ag athruithe i gcainníocht an chomhábhair le saintréithiúlacht an bhia nó nach leor iad le go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir é agus bianna eile atá cosúil leis;
i gcás ina leagtar síos go cruinn, le forálacha sonracha an Aontais, cainníocht an chomhábhair nó cainníocht catagóire de chomhábhair agus nach bhforáiltear dá léiriú ar an lipéadú; nó
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 4 agus i bpointe 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn VII.
2. Ní bheidh feidhm ag pointe (a) nó ag pointe (b) d’Airteagal 22(1) i gcás:
aon chomhábhair nó aon chatagóire de chomhábhair a chumhdaítear leis an léiriú “le milseoir(í)” nó “le siúcra(í) agus milseoir(í)” má ghabhann an tásc sin le hainm an bhia, de bhun Iarscríbhinn III; nó
aon vitimín breise nó aon mhianra breise más substaint í atá faoi réir dearbhaithe cothúcháin.
3. Déanfar an léiriú maidir le cainníocht an chomhábhair nó cainníocht na catagóire de chomhábhair:
a shloinneadh mar chéatadán, a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair nó na gcomhábhar ag an am a úsáidtear é/iad; agus
a thaispeáint in ainm an bhia nó díreach in aice le hainm an bhia nó i liosta comhábhar i dtaca leis an gcomhábhar nó leis an gcatagóir de chomhábhair lena mbaineann.
4. De mhaolú ar phointe 3:
i gcás ina mbeidh taise caillte ag bianna i ndiaidh teaschóireála nó cóireála eile, sloinnfear an chainníocht mar chéatadán a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáideadh i gcomparáid leis an táirge críochnaithe, ach amháin más mó ná 100 % an chainníocht sin nó cainníocht iomlán na gcomhábhar ar fad a léirítear ar an lipéadú, cás ina léireofar an chainníocht bunaithe ar mheáchan an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáidtear chun 100 g den táirge críochnaithe a ullmhú;
léireofar cainníocht na gcomhábhar so-ghalaithe bunaithe ar a gcionmhaireacht de réir meáchain sa táirge críochnaithe;
féadfar cainníocht na gcomhábhar a úsáidtear i bhfoirm dhlúth nó i bhfoirm dhíhiodráitithe agus a athdhéantar le linn an phróisis mhonaraithe a léiriú ar bhonn a gcionmhaireachta de réir meáchain sa táirge críochnaithe mar a taifeadadh sula ndearnadh iad a dhlúthú nó a dhíhiodráitiú;
i gcás bianna tiubhaithe nó bianna díhiodráitithe a bheartaítear a athdhéanamh trí uisce a chur leis, féadfar cainníocht na gcomhábhar a léiriú ar bhonn a gcionmhaireachta de réir meáchain sa táirge athdhéanta.
IARSCRÍBHINN IX
DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN nGLANCHAINNÍOCHT
1. Ní bheidh sé sainordaitheach dearbhú na glanchainníochta a thaispeáint sna cásanna seo a leanas:
bianna a d’fhéadfadh cuid shuntasach dá thoirt nó dá mhais a chailleadh agus a dhíoltar de réir an lín nó a dhéantar a mheá i láthair an cheannaitheora;
bianna ar lú a nglanchainníocht ná 5 g nó 5 ml; ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le spíosraí ná luibheanna; nó
bianna a dhíoltar de ghnáth de réir an lín, ar choinníoll gur féidir líon na n-itimí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh, nó mura féidir, go léirítear ar an lipéadú é.
2. I gcás ina gceanglaítear cineál áirithe cainníochta (mar shampla an chainníocht ainmniúil, an íoschainníocht, an mheánchainníocht) a léiriú, le forálacha Aontais nó, cheal forálacha Aontais, le forálacha náisiúnta, measfar gurb í an chainníocht sin an ghlanchainníocht chun críocha an Rialacháin seo.
3. I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá earra nó níos mó ná dhá earra réamhphacáilte ar leith a bhfuil an chainníocht chéanna den táirge céanna iontu, léireofar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht atá i ngach pacáiste ar leith agus líon iomlán na bpacáistí sin a lua. Ní bheidh sé sainordaitheach na sonraí sin a léiriú áfach, i gcás inar féidir líon iomlán na bpacáistí a fheiceáil go soiléir agus a chomhaireamh go furasta ón taobh amuigh agus i gcás inar féidir léiriú amháin ar a laghad de ghlanchainníocht gach phacáiste ar leith a fheiceáil go soiléir ón taobh amuigh.
4. I gcás inarb é atá in earra réamhphacáilte dhá phacáiste nó níos mó ná dhá phacáiste nach measfar mar aonaid dhíolacháin, tabharfar an ghlanchainníocht tríd an nglanchainníocht iomlán agus an líon pacáistí ar leith a léiriú.
5. I gcás ina gcuirfear bia soladach i láthair i meán leachtach, léireofar freisin meáchan glan díscithe an bhia. I gcás bia a rinneadh a ghlónrú, ní áireofar an glónrú i meáchan glan dearbhaithe an bhia.
Chun críocha an phointe seo, ciallóidh “meán leachtach” na táirgí seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i meascáin nó a bheith reoite nó mear-reoite chomh maith, ar an gcoinníoll nach mbeidh sa leacht ach gné chúnta i dtaca le heilimintí riachtanacha na hullmhóide sin agus nach toisc chinntitheach é don cheannach: uisce, tuaslagáin uisciúla de shalainn, sáile, tuaslagáin uisciúla d’aigéid bhia, fínéagar, tuaslagáin uisciúla de shiúcraí, tuaslagáin uisciúla de shubstaintí milsitheacha eile, súnna torthaí nó súnna glasraí i gcás torthaí nó glasraí.
IARSCRÍBHINN X
DÁTA ÍOSMHARTHANACHTA, AN DÁTA “LE hÚSÁID ROIMH” AGUS DÁTA AN REO
1. Léireofar an dáta íosmharthanachta mar a leanas:
beidh na focail seo a leanas roimh an dáta:
gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a):
Más gá, tabharfar cur síos, i ndiaidh na sonraí seo, ar na coinníollacha stórála is gá a chomhlíonadh le go bhfanfaidh an táirge marthanach don tréimhse atá sonraithe;
an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.
Ach:
faoi réir forálacha Aontais lena bhforchuirtear modhanna eile chun an dáta a léiriú, ní cheanglófar an dáta íosmharthanachta a léiriú:
2. Léireofar mar a leanas an dáta “le húsáid roimh …”:
beidh na focail “le húsáid roimh …” roimhe;
gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail i bpointe (a):
Tabharfar cur síos i ndiaidh na sonraí sin ar na coinníollacha stórála a chaithfear a chomhlíonadh;
an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa data;
léireofar an dáta “le húsáid roimh” ar gach cuid aonair réamhphacáilte.
3. Léireofar dáta an reo agus dáta an chéad reo amhail dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III mar a leanas:
beidh na focail “Arna reo an …” roimhe;
gabhfaidh an méid seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a):
an lá, an mhí agus, b’fhéidir, an bhliain, agus iad san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe, a bheidh sa dáta.
IARSCRÍBHINN XI
SAGHSANNA FEOLA A bhFUIL SÉ SAINORDAITHEACH AN TÍR THIONSCNAIMH NÓ AN BHUNÁITÍOCHT A LUA INA LEITH
Cóid AC (Ainmníocht Chomhcheangailte 2010) |
Tuairisc |
0203 |
Muiceoil, úr, fhuaraithe nó reoite |
0204 |
Caoireoil nó feoil ghabhar, úr, fhuaraithe nó reoite |
Ex 02 07 |
Éineoil a thagann faoin gceannteideal 0105 , úr, fhuaraithe nó reoite |
IARSCRÍBHINN XII
NEART ALCÓLACH
Is le figiúr a mbeidh ann nach mó ná an t-aon ionad deachúlach amháin a léireofar an neart iarbhír alcólach de réir toirte i leith deochanna a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte iontu. Beidh an tsiombail “% vol.” ina dhiaidh agus féadfaidh an focal “alcól” nó an giorrúchán “alc” a bheith roimhe.
Cinnfear an neart alcólach ag teocht 20 °C.
Is mar a liostaítear iad sa tábla seo a leanas a bheidh na lamháltais dheimhneacha agus na lamháltais dhiúltacha a cheadaítear i leith léiriú an nirt alcólaigh de réir toirte agus a shloinntear i ndearbhluachanna iad. Beidh feidhm acu gan dochar do na lamháltais a dhíorthófar ón modh anailíse a úsáidfear chun an neart alcólach a chinneadh.
Cur síos ar an deoch |
Lamháltas deimhneach nó diúltach |
1. Beoracha faoi chód AC 2203 00 a bhfuil neart alcólach nach mó ná 5,5 % vol. iontu; deochanna gan súilíní a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora |
0,5 % vol. |
2. Beoracha le neart alcólach is mó ná 5,5 % vol.; deochanna súilíneacha a thagann faoi chód AC 2206 00 a tháirgtear as fíonchaora, ceirtlis, leannta piorraí, fíonta torthaí agus a leithéidí, a fhaightear ó thorthaí seachas fíonchaora, bídís nó ná bídís leathshúilíneach nó súilíneach, meá |
1 % vol. |
3. Deochanna a bhfuil torthaí maothaithe nó codanna de phlandaí iontu |
1,5 % vol. |
4. Aon deoch eile a bhfuil níos mó ná 1,2 % alcól de réir toirte inti |
0,3 % vol. |
IARSCRÍBHINN XIII
IONTÓGÁLACHA TAGARTHA
CUID A – IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LAETHÚLA LE HAGHAIDH VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)
1. Vitimíní agus mianraí a fhéadfar a dhearbhú agus a luachanna tagartha ó thaobh na gcothaitheach de (LTCanna)
Vitimín A (μg) |
800 |
Vitimín D (μg) |
5 |
Vitimín E (mg) |
12 |
Vitimín K (μg) |
75 |
Vitimín C (mg) |
80 |
Tiaimín (mg) |
1,1 |
Ribeaflaivin (mg) |
1,4 |
Niaicin (mg) |
16 |
Vitimín B6 (mg) |
1,4 |
Aigéad fólach (μg) |
200 |
Vitimín B12 (μg) |
2,5 |
Bitin (μg) |
50 |
Aigéad pantaitéineach (mg) |
6 |
Potaisiam (mg) |
2 000 |
Clóiríd (mg) |
800 |
Cailciam (mg) |
800 |
Fosfar (mg) |
700 |
Maignéisiam (mg) |
375 |
Iarann (mg) |
14 |
Sinc (mg) |
10 |
Copar (mg) |
1 |
Mangainéis (mg) |
2 |
Fluairíd (mg) |
3,5 |
Seiléiniam (μg) |
55 |
Cróimiam (μg) |
40 |
Molaibdéineam (μg) |
50 |
Iaidín (μg) |
150 |
2. Méid suntasach vitimíní agus mianraí
Go hiondúil, ba cheart aird a thabhairt do na luachanna seo a leanas agus an méid suntasach á chinneadh:
CUID B – IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH FUINNIMH AGUS COTHAITHEACHA ROGHNAITHE SEACHAS VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (AOSAIGH)
Fuinneamh nó cothaitheach |
Iontógáil tagartha |
Fuinneamh |
8 400 kJ/2 000 kcal |
Iomlán na saille |
70 g |
Sáitheáin |
20 g |
Carbaihiodráit |
260 g |
Siúcraí |
90 g |
Próitéin |
50 g |
Salann |
6 g |
IARSCRÍBHINN XIV
FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA
FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA CHUN FUINNEAMH A RÍOMH
An luach fuinnimh a bheidh le dearbhú, ríomhfar é leis na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas:
— carbaihiodráit (seachas polóil) |
17 kJ/g — 4 kcal/g |
— polóil |
10 kJ/g — 2,4 kcal/g |
— próitéin |
17 kJ/g — 4 kcal/g |
— saill |
37 kJ/g — 9 kcal/g |
— salaitrimí |
25 kJ/g — 6 kcal/g |
— alcól (eatánól) |
29 kJ/g — 7 kcal/g |
— aigéad orgánach |
13 kJ/g — 3 kcal/g |
— snáithín |
8 kJ/g — 2 kcal/g |
— eiríotról |
0 kJ/g — 0 kcal/g |
IARSCRÍBHINN XV
SLOINNEADH AGUS CUR I LÁTHAIR AN DEARBHAITHE MAIDIR LE COTHÚCHÁN
Is iad seo a leanas na haonaid tomhais atá le húsáid sa dearbhú cothúcháin i gcás fuinnimh (ciligiúil (kJ) agus cileacalraí (kcal)) agus i gcás maise (gram (g), milleagram (mg), nó micreagram (μg)) agus ord chur i láthair na faisnéise, mar is iomchuí:
fuinneamh |
kJ/kcal |
saill |
g |
arb é atá ann |
|
— sáitheáin |
g |
— monai-neamhsháitheáin |
g |
— polai-neamhsháitheáin |
g |
carbaihiodráit |
g |
arb é atá ann |
|
— siúcraí |
g |
— polóil |
g |
— stáirse |
g |
snáithín |
g |
próitéin |
g |
salann |
g |
vitimíní agus mianraí |
na haonaid a shonraítear i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII |
( 1 ) IO L 139, 30.4.2004, lch. 1.
( 2 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 7.
( 3 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
( 4 ) IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.
( 5 ) IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.
( 6 ) IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.
( 7 ) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).
( 8 ) IO L 93, 31.3.2006, lch. 1.
( 9 ) IO L 93, 31.3.2006, lch. 12.
( 10 ) IO L 183, 12.7.2002, lch. 51.
( 11 ) IO L 164, 26.6.2009, lch. 45.
( 12 ) IO L 124, 20.5.2009, lch. 21.
( 13 ) IO L 204, 21.7.1998, lch. 37.
( *1 ) IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.”.
( *2 ) IO L 304, 22.11.2011, lch. 18.”.
( 14 ) IO L 314, 1.12.2009, lch. 10.
( 15 ) Agus na táirgí a rinneadh astu, sa mhéid nach dóigh don phróiseas faoina ndeachaigh siad méadú a dhéanamh ar an leibhéal ailléirgeachta, mar atá measúnaithe ag an Údarás atá freagrach as an táirge ábhartha as ar tháinig siad, dá bharr.
( 16 ) IO L 66, 13.3.1999, lch. 26.
( 17 ) IO L 66, 13.3.1999, lch. 16.
( 18 ) I gcás cáiseanna próiseáilte agus táirgí atá bunaithe ar cháiseanna próiseáilte agus dóibh sin amháin.
( 19 ) Ní cheanglófar an t-ainm sonrach ná an E-uimhir a léiriú.