An Adyghe
Адыгабзэ agus Кӏах Адыгабзэ | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 575,900 (2010) |
Dúchasach do | Adygea, An Charaitsé-Shiorcáis agus Críoch Krasnodar |
Stáit | an Rúis, an Tuirc, an Iordáin agus an tSiria |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Cugasacha North Caucasian (en) teangacha Abcásacha-Adaigéacha Circassian (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aibítir Choireallach, Adyghe alphabet (en) agus script Araibise |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Cóid | |
ISO 639-2 | ady |
ISO 639-3 | ady |
Glottolog | adyg1241 |
Ethnologue | ady |
UNESCO | 1064 |
IETF | ady |
Tá an teanga Adyghe (адыгэбзэ adygebze, adəgăbză) ar ceann den dá theanga oifigiúil i bPoblacht Adygea sa Rúis. Labhraíonn treibheanna éagsúla na náisiúntachta Adyghe í: Shapsugh, Bzedugh, Abzekh, Kemirgoy, Hakuchi, agus roinnt eile freisin. Tugann an mhuintir Adyghadze nó Adyghabza ar a dteanga féin.
Tá an teanga Adyghe ó dhúchas ag thart ar 125,000 duine sa Rúis. Ar fud an domhain, tá sí ag 300,000 duine, agus an chuid is mó acu ina gcónaí sa Tuirc.
Baineann an teanga Adyghe le fine na dteangacha Cugasacha Thiar Thuaidh. Tá gaol dlúth aici le teangacha ar nós na Cabairdínise, na teanga Ubykh, na hAbchásaise agus na teanga Abaza.
Caighdeánaíodh an teanga i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. Sa bhliain 1938, cuireadh an aibítir Choireallach i bhfeidhm ar an teanga, cosúil le cuid mhór teangacha eile san Aontas Sóivéadach. Roimhe sin, b'iad aibítir na hAraibise agus an aibítir Laidineach a bhí in úsáid.
Gramadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá abairtí bunúsacha na teanga Adyghe, cosúil leis na teangacha Cugasacha Thiar Thuaidh eile, bunaithe ar an ordú ainmní-cuspóir-briathar, agus an briathar ag éileamh an tuisil oibrígh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |