Microsoft
Is é Microsoft an comhlacht bogearraí is mó ar domhan. Tá ceanncheathrú an chomhlachta lonnaithe in Redmond, Washington, SAM.
Táirgí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá bogearraí Microsoft le fáil i bhformhór na ríomhairí pearsanta ar domhan. Tá Microsoft ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhain i margadh na gcóras oibriúcháin, trí chóras Windows agus trí Microsoft Office go háirithe. I measc na dtáirgí a chuireann Microsoft ar fáil tá an próiseálaí focal Microsoft Word, an scarbhileog Microsoft Excel, an pacáiste taispeántais Microsoft Powerpoint agus an bunachar sonraí Microsoft Access.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Paul Allen agus Bill Gates an comhlacht sa bhliain 1975.
Sa bhliain 2022, bhí timpeall 220,000 fostaí ag Microsoft ar fud an domhain.[1] In 2023, áfach, bhí an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus bhí oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí ríomhaireachta is mó. D’eascair an méid sin as an rófhás a tháinig ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta sna blianta roimhe sin.
I dtús na bliana 2023, bhí sé beartaithe ag Microsoft níos mó ná 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain.[2] Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Satya Nadella "go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, ach an t-am céanna go raibh siad ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh air".[3]
Microsoft in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceanncheathrú Eorpach Microsoft lonnaithe in Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath.
Bhí breis agus 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn roimh 2023 - idir na ranna oibríochtaí, díolacháin, innealtóireachta agus forbartha táirgí.[2] D'fhógair an comhlacht i dtús na bliana 2023 go raibh sé i gceist aige 180 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Natalie Neysa Alund. "Microsoft to lay off 10,000 employees starting Wednesday; roughly 5% of workforce affected" (en-US). USA TODAY. Dáta rochtana: 2023-01-18.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-01-18). "Microsoft le 10,000 fostaí a ligean chun siúil faoi earr 2023" (as ga̠-IE).
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-03-06). "Microsoft le 60 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil" (as ga-IE).