Tá an Eoraip ag téamh a dhá oiread níos tapúla ná an chuid eile den domhan agus tá a córais uisce faoi strus atá ag dul i méid. Bíonn tionchar ag an nganntanas uisce ar 30% de mhuintir na hEorpa agus ar 20% den talamh gach bliain. Déanta na fírinne, tá imní curtha in iúl ag 70% de shaoránaigh na hEorpa faoi thruailliú uisce agus ganntanas uisce, ach fós féin ní bhraitheann beagnach leath díobh go bhfuil siad go maith ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le huisce ina dtír féin.
Sin an fáth a seoladh an feachtas #WaterWiseEU le déanaí, tionscnamh a chuirfidh le hEoraip atá seasmhach ó thaobh uisce de faoi 2050.
Tá ár dtimthriall uisce, an próiseas trína ngluaiseann uisce trí thalamh, farraigí agus atmaisféar an Domhain, curtha as riocht agus ní mór é a dheisiú. Tá gníomhaíocht an duine agus an t-athrú aeráide ag déanamh damáiste d’éiceachórais agus tá níos mó galaithe, níos mó tuilte, níos mó triomaigh ann mar thoradh orthu – agus níos lú uisce ann dúinn féin agus do gach neach eile atá ag brath air.
Is é is aidhm don fheachtas cumarsáide #WaterWiseEU, a bheidh ar siúl go dtí an fómhar, feasacht a mhúscailt faoi sin agus aird a tharraingt ar an iliomad réiteach atá ar fáil. Ar na réitigh sin tá stóráil nádúrtha uisce a threisiú, screamhuisce a athlíonadh, agus sláinte ithreach a atógáil, chomh maith le bainistiú cliste uisce, éifeachtúlacht uisce agus athúsáid uisce.
Trí bheith ag obair as lámh a chéile, is féidir linn na dearcthaí atá ann cheana ar an uisce a athrú agus ‘Féach(aint) ar Uisce ar Bhealach Éagsúil’, mar a deir mana oifigiúil an fheachtais.
Tá roinnt acmhainní forbartha ag an bhfeachtas, cuir i gcás íomhánna agus teachtaireachtaí réamhdhéanta, atá á gcur ar fáil do chomhpháirtithe an fheachtais lena n-úsáid. Spreagtar comhpháirtithe chun na hacmhainní sin a úsáid le comhrá a spreagadh, imeachtaí a eagrú agus ailíniú lena ngníomhartha cumarsáide féin.
Tuilleadh eolais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 11 Iúil 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide