Sa tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití, coinnítear súil ar dhul chun cinn an Aontais i dtreo na gcuspóirí agus na spriocanna le haghaidh 2030 a leagtar síos leis an gClár Beartais don Deacáid Dhigiteach.
Aontas iomaíoch, ceannasach agus athléimneach: Bonneagar digiteach agus gnólachtaí
Moltaí do na Ballstáit dlús a chur leis an dul chun cinn:
- Bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun glacadh gigighiotáin ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn
- Tacú le himscaradh imeallnód slán inbhuanaithe mar chuid dá straitéisí nascachta, IoT agus IS
- Tacú le FBManna úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha, go háirithe an néalríomhaireacht, anailísíocht sonraí agus an intleacht shaorga.
- Caipiteal príobháideach a mhéadú agus a éagsúlú chun infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí nuathionscanta ardfháis
Beartas digiteach do dhaoine agus don tsochaí: Scileanna digiteacha agus seirbhísí poiblí
Moltaí do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin:
- Tús áite a thabhairt don infheistíocht san oideachas digiteach agus i scileanna digiteacha
- Tacú le luathnochtadh daoine óga, go háirithe cailíní, do STEM agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn i réimse TFC
- Tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt cásanna úsáide nithiúla chun tacú le húsáideoirí agus le soláthraithe seirbhíse príobháideacha agus poiblí tiachóg na céannachta digití de chuid an Aontais a úsáid
- Bearta infheistíochta agus rialála a dhéanamh chun seirbhísí poiblí digiteacha slána idir-inoibritheacha a dhéanamh inrochtana do chách, lena n-áirítear daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas
An bealach chun cinn - Treochláir straitéiseacha náisiúnta
Den chéad uair riamh, chuir na Ballstáit treochláir náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, treochláir ina sonraítear na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu chun spriocanna 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach.
D’fhoilsigh an Coimisiún moltaí tírshonracha agus trasearnálacha do gach Ballstát den Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh.
Go ginearálta, molann an Coimisiún do na Ballstáit uile gníomhú sna réimsí seo a leanas:
![drawing of a human hand holding a person](/sites/default/files/2024-07/DD%20report%202024%20icon_8%20public%20services.jpg)
Bonneagar nascachta: A áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag gníomhaithe nua ar speictream le haghaidh feidhmchláir nuálacha gnólacht le gnólacht (B2B) agus gnólacht le tomhaltóir (B2C) agus oibreoirí a spreagadh chun dlús a chur le himscaradh croíghréasán neamhspleách 5G.
![laurel wreath with certificate in the middle](/sites/default/files/2024-07/DD%20report%202024%20icon_13%20best%20practices_0.jpg)
An chibearshlándáil: Bosca Uirlisí an Aontais don Chibearshlándáil 5G a chur chun feidhme go práinneach chun líonraí slána athléimneacha 5G a áirithiú.
![two hands holding a leave representing sustainability](/sites/default/files/2024-07/DD%20report%202024%20icon_11%20Greening.jpg)
Inbhuanaitheacht: Tacú le glacadh réiteach digiteach lena laghdaítear an lorg carbóin ar fud earnálacha (e.g. fuinneamh, iompar, foirgnimh agus talmhaíocht). Modheolaíocht a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar lorg carbóin agus cumasú bonneagar digiteach
![cloud over a network representing](/sites/default/files/2024-07/DD%20report%202024%20icon_15%20IPCEIs.jpg)
Néal: borradh a chur faoi ghlacadh ardréiteach nua néalríomhaireachta i measc FBManna trí straitéisí agus gníomhaíochtaí a bhunú chun leas iomlán a bhaint as IPCEI-CIS, trí ghníomhaíochtaí comhlántachta na hOifige Saothraithe IPCEI Néalríomhaireachta a ghiaráil.
![document with magnifying glass](/sites/default/files/2024-07/DD%20report%202024%20icon_12%20assess.jpg)
Treochláir: Aird níos mó a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cuspóirí ginearálta a bhaint amach (i.e. spás digiteach duinelárnach, iomaíochas, athléimneacht, ceannasacht, cuimsitheacht, inbhuanaitheacht agus glasú, comhleanúnachas na gníomhaíochta) agus ar na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Dearbhaithe maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha.
Ní mór do na Ballstáit a dtreochláir náisiúnta a athbhreithniú agus a choigeartú roimh an 2 Nollaig 2024.
Maoiniú
Tá an tAontas Eorpach ag rannchuidiú leis an gclaochlú digiteach a mhaoiniú tríd an méid seo a leanas:
An Ciste Téarnaimh agus Athléimneachta
EUR 150 billiún
Clár DIGITAL na hEorpa
EUR 7.9 billiún
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
EUR 1.7 billiún
Cistí comhtháthaithe
EUR 31 bhilliún
Ábhar Gaolmhar
Tuarascáil 2024 maidir leis an Deacáid Dhigiteach: Leathanaigh fíricí tíre
Féach leat an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit uile agus sleachta as moltaí tírshonracha.